Tiomna Nua

Marcas 2:19-25 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

19. Agus dúirt Íosa leo, “An féidir le lucht na bainise bheith ag troscadh agus an fear nuaphósta ina gcuideachta? Chomh fada agus bhíos an fear nuaphósta ina gcuideachta, ní féidir leo troscadh a dhéanamh.

20. Ach tiocfaidh an uair a scarfar iad agus an fear nuaphósta ó chéile, agus déanfaidh siad troscadh ansin.

21. Ní gnách le haon duine píosa d'éadach gan traoitheadh a fhuáil ar sheanéadach; mar má dhéanann féin, bíonn an píosa nua ag réabadh ón seanéadach, go dtí gur measaide an stróiceadh é.

22. Agus ní gnách le haon duine fíon úr a chur isteach i seanseithí; mar má dhéanann féin, is amhlaidh a phléascfaidh an fíon na seithí, go gcailltear idir fhíon agus sheithí; ach is do sheithí úrleathair an fíon úr.”

23. Agus tharla aon sabóid amháin nuair a bhí sé ag siúl na gcuibhreann arbhair gur thosaigh a dheisceabail ar stathadh na ndias sa siúl.

24. Agus arsa na Fairiséigh leis, “Féach, cad chuige a bhfuil siad ag déanamh ní atá crosta orthu ag an dlí a dhéanamh lá na Sabóide?”

25. Agus ar seisean leo, “An é nár léigh sibh riamh faoin ní a rinne Dáibhí, nuair a bhí sé i gcruachás leis an ocras a bhí air féin agus ar an dream a bhí leis:

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 2