Tiomna Nua

Marcas 2:1-15 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Tamall de laethanta ina dhiaidh sin, nuair a d'fhill sé ar Chaparnáum, chuaigh an scéal amach go raibh sé sa bhaile.

2. Agus chruinnigh slua mór, go dtí nach raibh slí dóibh go fiú thart ar an doras; agus bhí sé ag craobh-scaoileadh an bhriathair dóibh.

3. Agus tháinig siad chuige ag iompar fir a bhí ina phairiliseach agus ceathrar faoi.

4. Agus nuair nár fhéad siad druidim leis tríd an slua, thóg siad an ceann den teach a bhí os a chionn; agus nuair a bhí oscailt déanta acu ann, lig siad anuas an tsráideog sin a raibh an pairiliseach ina luí uirthi.

5. Agus nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu, ar seisean leis an bpairiliseach, “A mhic liom, tá do pheacaí maite.”

6. Anois bhí cuid de na scríobhaithe ina suí ansin, agus iad ag ceistiú ina n‑intinn,

7. “An duine seo! Cad é an chaint sin air? Dia-mhasla é! Cé a fhéadas na peacaí a mhaitheamh ach Dia amháin?”

8. Ach mhothaigh Íosa láithreach ina spiorad cad í an cheist a bhí ina n‑intinn, agus ar seisean leo, “Cad chuige daoibh bheith ag ceistiú mar sin in bhur n‑intinn?

9. Cé acu is fusa, a rá leis an bpairiliseach go bhfuil a pheacaí maite, nó a rá leis, ‘Éirigh, agus ardaigh do shráideog agus siúil leat?’

10. Ach chun go mbeidh a fhios agaibh go bhfuil údarás ag Mac an duine ar talamh leis na peacaí a mhaith­eamh”—ar seisean leis an bpairiliseach—

11. “Deirim leat, éirigh, ardaigh do shráideog agus gabh abhaile.”

12. Agus d'éirigh sé, agus d'ardaigh sé an tsráideog agus d'imigh leis os comhair a raibh i láthair; sa dóigh go raibh iontas orthu agus gur thug siad glóir do Dhia, agus iad á rá os ard, “Ní fhacamar a leithéid riamh!”

13. Chuaigh sé amach ansin arís le cois na farraige; agus chruinnigh an slua uile ina thimpeall, agus theagasc sé iad.

14. Agus nuair a chuaigh sé ar aghaidh, chonaic sé Lébhi mac Alfaeus ina shuí in oifig na cánach, agus ar seisean leis, “Lean mise.” Agus d'éirigh sé agus lean sé é.

15. Agus nuair a shuigh sé chun boird ina theachsan bhí mórán bailitheoirí cánacha agus peacach ina suí i gcuid­eachta Íosa agus i gcuideachta a dheisceabal; óir b'iomaí sin duine a lean é.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 2