1. Agus nuair a bhí an tsabóid thart, chuaigh Muire Mhagdaléanach, agus Muire máthair Shéamais, agus Salómé, a cheannach spíosraí, go rachaidís á ungadh leo.
2. Agus ar mhoch maidine an chéad lá den tseachtain chuaigh siad go dtí an tuama le héirí na gréine.
3. Agus bhí siad á rá le chéile, “Cé a iontóidh an chloch ó bhéal dhoras an tuama dúinn?”
4. Agus nuair a d'fhéach siad suas, chonaic siad go raibh an chloch iontaithe siar ar gcúl; mar ba mhór an chloch í.
5. Agus nuair a chuaigh siad isteach sa tuama, chonaiceadar an fear óg ina shuí ar thaobh na láimhe deise agus fallaing ghealbhán air; agus bhí uafás orthu.
6. Agus ar seisean leo, “Ná bíodh aon uafás oraibh; Íosa Nasara, a rinneadh a chéasadh, atá uaibh. Tá sé éirithe; níl sé anseo; féachaigí an áit ar cuireadh é.