Tiomna Nua

Marcas 15:36-47 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

36. Agus rith duine acu go dtí é gur líon spúinse d'fhínéagar, agus gur chroch ar ghiolcach é gur thug dó le n‑ól é, agus dúirt sé, “Fan go fóill go bhfeicimid an dtiocfaidh Elía lena scaoileadh anuas.”

37. Agus lig Íosa éamh mór as, agus d'fhág an anáil é.

38. Agus réabadh brat an teampaill ina dhá leath ó bharr anuas go bun.

39. Agus nuair a chonaic an ceantúir a bhí ina sheasamh ar a aghaidh, an dóigh inar fhág an anáil é, ar seisean, “Níl amhras ann ná gurbh é Mac Dé an fear seo.”

40. Bhí na mná ann fós agus iad i bhfad ar shiúl ag amharc, agus bhí eatarthu Muire Mhagdaléanach, agus Muire máthair Shéamais Óig agus Ióséis, agus Salómé,

41. an bhantracht a lean de agus a rinne timireacht air agus é i nGalailí; agus buíon mhór eile ban a tháinig aníos go hlarúsailéim ina chuideachta.

42. Agus nuair a tháinig an tráthnóna, ó ba é lá an Ullmhaithe é, is é sin an lá roimh an tsabóid,

43. bhi sé de chroí ag Iósaf Arimatéach, duine dearscnaithe a bhí ina bhall den chomhairle, a bhí freisin ag tóraíocht ríocht Dé, a mhisneach a mhúscailt, agus dul chuig Píoláid, agus corp Íosa a iarraidh air.

44. Agus b'iontach le Píoláid é bheith marbh cheana; agus ghlaoigh sé chuige an ceantúir, gur fhiafraigh de an raibh sé marbh go fóill.

45. Agus nuair a fuair sé fios a bháis ón gceantúir, dheonaigh sé an corp do Iósaf.

46. Agus cheannaigh sé taiséadach lín agus bhain sé anuas den chrois é, agus d'fhill sé an taiséadach lín air, agus chuir sé ina luí é i dtuama a snoíodh as an gcarraig; agus thiontaigh cloch i mbéal an tuama.

47. Agus ba iad Muire Mhagdaléanach agus Muire máthair Ióséis a chonaic an uaigh inar cuireadh é ina luí.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 15