Tiomna Nua

Marcas 15:22-35 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

22. Agus thug siad leo é go dtí an áit a nglaoitear Golgota air (a chiallaíos áit an chloiginn).

23. Agus tairgeadh fíon dó ar cuireadh miorr tríd; ach níor ghlac sé é.

24. Agus chéas siad é, agus roinn siad eatarthu a chuid éadaigh agus chaith siad crainn go bhfeicidís cad é a ghlacfadh gach duine acu.

25. Agus ba é an tríú huair den lá é nuair a rinneadh é a chéasadh.

26. Agus is é a bhí le léamh i scríbhinn na cúise a cuireadh ina leith, “Rí na nGiúdach.”

27. Agus rinne siad dís ropaire a chéasadh ina chuideachta, duine acu ar a dheis agus duine ar a chlé.

29. Agus níl duine dár shiúil thairis nach ndeachaigh ag magadh faoi, ag croitheadh a chinn air; agus á rá, “Ara maise! A ghiolla úd a bhíodh ag maíomh go scriosfá an teampall agus go ndéanfá a atógáil i n‑achar trí lá,

30. fuascail thú féin, agus tuirling den chrois úd!”

31. Agus ar an nós céanna bhí na hardsagairt ag labhairt air le chéile go magúil agus na scríobhaithe leo, agus dúirt siad, “Tharrthaigh sé fir eile; ní fhéadann sé é féin a tharrtháil.

32. Tuirlingíodh an Críost sin, tuirlingíodh an Rí sin Iosrael den chrois seo, go bhfeicimid é agus go gcreidimid ann.” Agus níl go fiú na díse a céasadh ina chuideachta nár thug achasán dó.

33. Agus nuair a tháinig an séú huair den lá, bhí dorchadas ann ar fud na tíre uile a mhair go dtí an naoú huair.

34. Agus ar an naoú huair ghlaoigh Íosa i n‑ard a chinn, “Élóí, Élóí, lamá sabactáni?” a chiallaíos, “A Dhia liom, a Dhia liom, cad chuige a ndearna tú mo thréigean?”

35. Agus chuala cuid dá raibh ina seasamh thart agus dúirt siad, “Féach, tá sé ag glaoch ar Elía”.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 15