Tiomna Nua

Marcas 15:13-24 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

13. Agus scairt siad arís i n‑ard a gcinn is a ngutha, “Céasaigí é.”

14. Agus dúirt Píoláid leo, “Cén fáth, cad é an t‑olc atá déanta aige?” Ach is móide a scairt siad, “Céasaigí é.”

15. Agus ba é a tháinig de, gur scaoil Píoláid Barabas chucu, ó bhí fonn air an slua a shásamh; agus chuir sé Íosa á sciúrsáil ansin agus thug sé uaidh é lena chéasadh ar chrois.

16. Agus thug na saighdiúirí leo é isteach sa Phálás (is é sin, an Praetorium); agus bhailigh siad an cathlán uile go léir ina thimpeall.

17. Agus chuir siad brat corcair-dhearg air mar éadach, agus d'fhigh coróin de dhealga gur chuir ar a cheann í.

18. Agus thosaigh siad ar cheiliúradh dó, “Sé do bheatha, a Rí úd na nGiúdach!”

19. Agus bhuail siad faoin gceann é le giolcach agus chaith seile air, agus shléacht siad dó mar a bheidís ag tabhairt ómóis dó.

20. Agus nuair a bhí ealaín mhagaidh déanta acu de, bhain siad an brat corcair-dhearg de, agus chuir a chuid éadaí féin air arís, agus threoraigh siad amach é lena chéasadh.

21. Agus thug siad ar fhear a bhí ag dul thart a chrois a iompar, ar Shíomón as Círéne, a bhí ar a bhealach as tír isteach, athair Alastair agus Rúfuis.

22. Agus thug siad leo é go dtí an áit a nglaoitear Golgota air (a chiallaíos áit an chloiginn).

23. Agus tairgeadh fíon dó ar cuireadh miorr tríd; ach níor ghlac sé é.

24. Agus chéas siad é, agus roinn siad eatarthu a chuid éadaigh agus chaith siad crainn go bhfeicidís cad é a ghlacfadh gach duine acu.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 15