1. Agus le bánú na maidine chuaigh na hardsagairt agus na seanóirí agus na scríobhaithe, agus na comhairleoirí uile leo, i ndáil chomhairle: agus cheangail siad Íosa agus thug siad ar shiúl é agus thug siad ar láimh do Phíoláid é.
2. Agus d'fhiafraigh Píoláid de, “An tú Rí na nGiúdach?” Agus ba é a fhreagra air, “Is tú a dúirt é.”
3. Agus chuir na hardsagairt mórán nithe ina leith.
4. Agus d'fhiafraigh Píoláid de athuair, “Nach bhfuil aon fhreagra le tabhairt agat? An é nach bhfeiceann tú an méid mór atáthar ag cur i do leith?”
5. Ach níor fhreagair Íosa a thuilleadh, rud a chuir iontas ar Phíoláid.
6. Anois i n‑am na féile ba nós leis cibé ar bith príosúnach a d'iarrfaidís air a scaoileadh saor.
7. Agus bhí fear arbh ainm dó Barabas i measc an lucht ceannairce sa phríosún a rinne dúnmharú le linn na ceannairce.
8. Agus dhruid an slua aníos ag tosú ar a iarraidh ar Phíoláid rud a dhéanamh orthu mar a ba nós leis.
9. Agus d'fhiafraigh sé díobh, “An toil libh go scaoile mé Rí na nGiúdach chugaibh?”
10. Mar thuig sé gur as éad a thug na hardsagairt uathu chuige é.
11. Ach ghríosaigh na hardsagairt an slua go n‑iarrfaidís air Barabas a scaoileadh chucu ina ionad.
12. Agus dúirt Píoláid leo athuair, “Cad é a dhéanfaidh mé mar sin leis an bhfear úd a dtugann sibh Rí na nGiúdach air?”
13. Agus scairt siad arís i n‑ard a gcinn is a ngutha, “Céasaigí é.”
14. Agus dúirt Píoláid leo, “Cén fáth, cad é an t‑olc atá déanta aige?” Ach is móide a scairt siad, “Céasaigí é.”
15. Agus ba é a tháinig de, gur scaoil Píoláid Barabas chucu, ó bhí fonn air an slua a shásamh; agus chuir sé Íosa á sciúrsáil ansin agus thug sé uaidh é lena chéasadh ar chrois.
16. Agus thug na saighdiúirí leo é isteach sa Phálás (is é sin, an Praetorium); agus bhailigh siad an cathlán uile go léir ina thimpeall.
17. Agus chuir siad brat corcair-dhearg air mar éadach, agus d'fhigh coróin de dhealga gur chuir ar a cheann í.
18. Agus thosaigh siad ar cheiliúradh dó, “Sé do bheatha, a Rí úd na nGiúdach!”
19. Agus bhuail siad faoin gceann é le giolcach agus chaith seile air, agus shléacht siad dó mar a bheidís ag tabhairt ómóis dó.
20. Agus nuair a bhí ealaín mhagaidh déanta acu de, bhain siad an brat corcair-dhearg de, agus chuir a chuid éadaí féin air arís, agus threoraigh siad amach é lena chéasadh.