45. Agus nuair a tháinig sé, ní dhearna sé moill ag druidim leis, agus é á rá, “A Mháistir!” Agus thug sé an phóg dó.
46. Agus leag siad a lámha air agus ghabh siad é.
47. Ach tharraing aon duine amháin dá raibh i láthair an claíomh agus bhuail béim ar mhogha an ardsagairt gur ghearr leathchluas de.
48. Agus ba é a dúirt Íosa leo, “An bithiúnach mé, go dtagann sibh amach i m'éadan le claimhte agus le bataí le mo ghabháil?
49. Bhí mé agaibh ó lá go chéile agus mé ag teagasc sa teampall, agus ní dhearna sibh mo ghabháil. Ach bíodh amhlaidh go gcomhlíontar an Scrioptúr.”
50. Agus thréigeadar uile é agus theitheadar leo.
51. Agus bhí ógánach á leanúint, nach raibh faoina chorp ach aon ghiota amháin línéadaigh; agus ghabhadar é,
52. ach d'fhág sé an línéadach acu agus theith leis uathu lom tarnocht.
53. Agus sheol siad Íosa chuig an ardsagart; agus bhí na hardsagairt uile agus na seanóirí agus na scríobhaithe cruinnithe.
54. Agus bhí Peadar i ndiaidh é a leanúint agus d'fhan sé amach uaidh, gur tháinig siad isteach in urlann an ardsagairt; agus bhí Peadar ina shuí i measc na ngardaí, á ghoradh féin ag an tine.
55. Anois bhí na hardsagairt agus an chomhairle uile ag iarraidh fianaise a chruinniú i n‑éadan Íosa lena chur chun báis; agus gan í le fáil acu.
56. Mar b'iomaí sin duine a thug fianaise bhréige ina éadan, agus gan a bhfianaise ag teacht le chéile.
57. Agus d'éirigh cuid acu ag tabhairt fianaise bhréige ina éadan, á rá,
58. “Chualamar é á rá, ‘Scriosfaidh mise an teampall seo a tógadh le lámha, agus i spás trí lá tógfaidh mé teampall eile, nach dtógfar le lámha.’”
59. Ach mar sin féin níor tháinig a bhfianaise le chéile.
60. Agus d'éirigh an t‑ardsagart ina sheasamh i gceartlár an tslua, agus d'fhiafraigh sé d'Íosa, “An é nach bhfuil aon fhreagra le tabhairt agat? Cad é sin atá na fir seo ag dearbhadh i d'éadan?”