Tiomna Nua

Marcas 14:26-34 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

26. Agus chan siad iomann ansin, agus ina dhiaidh sin d'imigh siad go Cnoc na nOlóg.

27. Agus dúirt Íosa leo, “Tréigfidh sibh uile mé mar tá scríofa, ‘Millfidh mé an maor, agus scaipfear na caoirigh.’

28. Ach nuair a éireos mé, imeoidh mé romhaibh go Galailí.”

29. Arsa Peadar leis, “Má thréigeann siad uile thú, ní dhéanfaidh mise amhlaidh.”

30. Agus dúirt Íosa leis, “Deirim go fírinneach leat, an oíche seo féin, sula nglaonn an coileach faoi dhó, séanfaidh tusa faoi thrí mé.”

31. Ach dúirt seisean go deimhin agus go dearfa, “Má bhíonn orm bás a fháil i do chuideachta, ní shéanfaidh mé thú.” Agus ní raibh duine acu nach ndúirt an rud céanna.

32. Agus d'imigh siad go háit a dtugtaí Getsemaní air; agus dúirt sé lena dheisceabail, “Suígí anseo, a fhad agus a bhím ag guí.”

33. Agus thug sé leis Peadar agus Séamas agus Eoin le bheith leis, agus tháinig brón agus buairt mhór air.

34. Agus ar seisean leo, “Tá brón mór an bháis ar m'anam; fanaigí anseo agus déanaigí faire.”

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 14