6. Is iomaí duine a thiocfaidh i m'ainmse, agus é á rá, ‘Is mise é!’ agus is iomaí duine a chuirfeas siad amú.
7. Agus nuair a chluinfeas sibh faoi chogaí nó a n‑iomrá, ná cuireadh sin eagla oraibh; caithfidh sin a bheith amhlaidh, ach níor tháinig an deireadh fós.
8. Mar éireoidh náisiún in éadan náisiúin, agus ríocht in aghaidh ríochta; beidh creathanna talaimh in áiteanna éagsúla, beidh gortaí ann; ach ní bheidh ansin ach tús tubaiste.
9. “Ach seachnaígí sibh féin; mar tabharfar suas do chomhairlí sibh; agus sciúrsálfar sibh i sionagóga; agus seasfaidh sibh os coinne na n‑uachtarán agus na ríthe mar mhaithe liom, go dtuga sibh fianaise os a gcomhair.
10. Agus caithfear ar dtús an soiscéal a sheanmóireacht do na náisiúin uile go léir.
11. Agus nuair a thabharfar os comhair cúirte sibh agus nuair a thabharfar suas sibh, ná bíodh imní oraibh roimh ré faoi cad é a déarfas sibh; ach abraigí cibé a thabharfar daoibh san am úd, mar ní sibh féin a labhrós, ach an Spiorad Naomh.
12. Agus tabharfaidh deartháir a dheartháir chun báis, agus an t‑athair an chlann, agus éireoidh an chlann in aghaidh a dtuismitheoirí go n‑imrí siad bás orthu;
13. agus tabharfaidh an uile dhuine fuath daoibh mar mhaithe le m'ainmse. Ach an té a sheasas go deireadh, is é a shlánófar.
14. “Ach nuair a fheiceas sibh dia-aithis léirscriostach ina seasamh in ionad nár chóir dó (bíodh tuiscint ag an léitheoir), teitheadh an méid agaibh atá i nlúdaea rompu go dtí na sléibhte;
15. teitheadh an té atá ar mhullach an tí, gan teacht anuas ná isteach sa teach le haon ní a bhreith as;
16. teitheadh an té atá sa ghort gan filleadh ar ais lena fhallaing a ardú leis.
17. Is mairg a bheidh i dtinneas clainne nó ag tabhairt cíche sna laethanta úd!
18. Agus bígí ag guí gan é a theacht sa gheimhreadh.