Tiomna Nua

Marcas 12:32-44 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

32. Agus dúirt an scríobhaí leis, “Tá an ceart agat, a Oide; is fíor mar a dúirt tú gur aon Dia amháin é, agus gan ann ach é;

33. agus is fearr go mór grá an chroí uile, agus na tuisceana uile, agus an chumais uile a thabhairt dó, agus grá a thabhairt don chomharsa mar a thabharfá duit féin, is fearr go mór sin ná íobairtí iomlána loiscthe agus ofrálacha.”

34. Agus nuair a d'aithin Íosa gliceas a fhreagra, dúirt sé leis, “Níl tú i bhfad ó ríocht Dé.” Agus ina dhiaidh sin ní raibh de dhánacht ag aon duine ceist ar bith a chur air.

35. Agus dúirt Íosa agus é ag teagasc sa teampall, “Conas a fhéadann na scríobhaithe a rá gur mac Dháibhí é Críost?

36. Agus nár fhoilsigh Dáibhí é féin, agus é faoi anál an Spioraid Naoimh,‘Dúirt an Tiarna le mo Thiarna,Suigh ag mo láimh dheas,go gcuire mé do naimhde faoi do chosa.’

37. Tugann Dáibhí féin Tiarna air; agus conas a fhéadann sé a bheith ina mhac aige?” Agus d'éist an mórshlua leis go fonnmhar.

38. Agus dúirt sé ina theagasc, “Seachnaígí na scríobhaithe, an dream arb aoibhinn leo fallaingeacha fada a chaitheamh, agus daoine ag beannú dóibh i sráideanna an mhargaidh

39. agus na suíocháin is fearr sna sionagóga agus na háiteanna is onóraí ar na fleánna,

40. an dream a shlogas teaghlaigh bhaintreach ina gcraos agus ar leithscéal leo a síorphaidreoireacht. Is amhlaidh is mó a dhaorfar iad.”

41. Agus shuigh sé os coinne an chiste, ag amharc ar an slua ag cur airgid isteach sa chiste. Is iomaí duine saibhir a chuir mórán isteach.

42. Agus tháinig an bhaintreach bhocht a chuir isteach an dá bhonn rua, a dhéanann pingin.

43. Agus ghlaoigh sé a dheisceabail chuige, agus dúirt sé leo, “Is fírinneach a deirim libh, gur mó a chuir an bhaintreach bhocht seo isteach ná na síntiúis uile don chiste.

44. Mar níor thug siad ach an beagán amach as an mórán; ach is é rud a thug sise uaithi as a bochtanas a raibh aici, a cuid den saol.”

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 12