3. Agus rug siad air agus bhuail siad é, agus chuir siad ar shiúl é agus a lámha folamh.
4. Chuir sé seirbhíseach eile chucu athuair, agus ghortaigh siad sa cheann é agus thug siad íde bhocht dó.
5. Agus chuir sé duine eile chucu, agus rinne siad a mharú; agus thug siad an íde chéanna do mhórán eile, agus cuid á mbualadh agus cuid á marú acu.
6. Ní raibh fágtha aige ansin ach aon duine amháin, mac muirneach; agus faoi dheireadh thiar thall chuir sé chucu é, á rá, ‘Beidh meas acu ar mo mhac.’
7. Ach is é a dúirt na tionóntaí úd le chéile, ‘Seo chugainn an t‑oidhre; tagaigí go maraímid é, agus is linn an oidhreacht.’
8. Agus rug siad air agus mharaigh siad é, agus chaith siad amach as an bhfíonghort é.
9. Cad é a dhéanfas an té ar leis an fíonghort? Tiocfaidh sé agus cuirfidh sé deireadh leis na tionóntaí, agus tabharfaidh sé an fíonghort do dhaoine eile.
10. An é nár léigh sibh an scrioptúr seo:‘An chloch chéanna dár dhiúltaigh na saoirtá sí mar chloch chinn sa chúinne;
11. is é sin an gníomh a rinne an Tiarna,agus is iontach é inár súile?’”
12. Agus d'fhéach siad lena ghabháil, ach b'eagal leo an slua, mar thuig siad gur chucu a d'inis sé an fáithscéal; agus mar sin de d'fhág siad é agus d'imigh siad leo.
13. Agus chuir siad cuid de na Fairiséigh agus cuid de lucht leanúna Iorua lena cheapadh ina chaint.