Tiomna Nua

Marcas 12:15-31 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

15. An ceart é nó nach ceart dúinn a íoc?” Ach d'aithin sé a gcuid fimínteachta agus dúirt sé leo, “Cad chuige daoibh bheith do m'fhéachaint mar sin? Tabhair bonn airgid chugam, agus lig dom amharc air.”

16. Agus tugadh an bonn chuige agus dúirt sé leo, “Cé leis an chosúlacht seo agus cé a ainmnítear san inscríbhinn seo?” Dúirt siad leis, “Caesar.”

17. Agus dúirt Íosa leo, “Tugaigí do Chaesar an méid atá ag dul dó, agus tugaigí do Dhia an méid is leis.” Agus rinne siad iontas de.

18. Agus tháinig Saducéigh chuige, an dream a deir nach bhfuil aon aiséirí ann; agus d'fhiafraigh siad de, agus dúirt siad,

19. “A Oide, is é a scríobh Maois dúinn más rud é go bhfaigheann duine bás agus go bhfágann sé bean ina dhiaidh, agus gan clann eatarthu, go gcaithfidh a dheartháirsean a bheansan a phósadh le clann a thógáil dá dheartháir.

20. Anois bhí ann mórsheisear deartháir; agus phós duine acu bean go bhfuair bás gan clann a fhágáil;

21. agus ghlac an dara deartháir í, go bhfuair bás uaithi gan clann a fhágáil; agus an tríú duine mar an gcéanna;

22. go dtí nár fhág aon duine den mhórsheisear aon chlann. Agus ba é an deireadh a bhí air go bhfuair an bhean bás freisin.

23. Anois san aiséirí cé acu a fhaigheann í mar chéile pósta? Mar bhí sí mar bhean ag an mórsheisear.”

24. Is é a dúirt Íosa leo, “Nach é seo a chuir ar seachrán sibh, bhur n‑aineolas ar an scrioptúr agus bhur neamhfhios ar chumhacht Dé?

25. Mar an dream a éiríos ó na mairbh ní bhíonn cleamhnas ná pósadh acu, agus iad mar na haingil i bhflaitheas.

26. Agus i dtaobh aiséirí na marbh, nach bhfuil léite agaibh i leabhar Mhaois, san alt sin faoin tom, faoin ní a dúirt Dia leis, ‘Is mise Dia Abrachaim, agus Dia Íosóig, agus Dia Iácóib’?

27. Ní Dia na marbh é ach Dia na mbeo; tá sibh ar seachrán ar fad.”

28. Agus tháinig duine de na scríobhaithe aníos gur chuala iad ag díospóireacht le chéile, agus nuair a d'aithin sé feabhas a fhreagra, d'fhiafraigh sé de, “Cé acu an phríomhaithne de na haitheanta?”

29. Is é a d'fhreagair Íosa, “Is í an chéad aithne, ‘Éist, a Iosrael: Is é an Tiarna ár nDia, agus is aon Dia amháin an Tiarna;

30. agus bíodh grá agat do do Thiarna Dia le do chroí ar fad, agus le d'anam ar fad, agus le d'intinn ar fad, agus le do chumas ar fad.’

31. Is í seo an dara haithne, ‘Bíodh grá agat do do chomharsa mar a bhíonn agat duit féin.’ Níl aithne eile ann is mó ná iad seo.”

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 12