Tiomna Nua

Marcas 12:1-12 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Agus thosaigh sé ar labhairt leo i bhfáithscéalta.“Fear a bhí ag cur fíonghoirt, agus thóg sé fál ina thimpeall, agus thochail sé an poll le haghaidh cantaoir an fhíona, agus thóg sé túr, agus lig sé amach ar chíos do thionóntaí é, agus thug sé an choigrích air féin.

2. Ansin, nuair a tháinig an t‑am, chuir sé duine dá sheirbhísigh chuig na tionóntaí, lena chuid de thoradh an fhíonghoirt a fháil.

3. Agus rug siad air agus bhuail siad é, agus chuir siad ar shiúl é agus a lámha folamh.

4. Chuir sé seirbhíseach eile chucu athuair, agus ghortaigh siad sa cheann é agus thug siad íde bhocht dó.

5. Agus chuir sé duine eile chucu, agus rinne siad a mharú; agus thug siad an íde chéanna do mhórán eile, agus cuid á mbualadh agus cuid á marú acu.

6. Ní raibh fágtha aige ansin ach aon duine amháin, mac muirneach; agus faoi dheireadh thiar thall chuir sé chucu é, á rá, ‘Beidh meas acu ar mo mhac.’

7. Ach is é a dúirt na tionóntaí úd le chéile, ‘Seo chugainn an t‑oidhre; tagaigí go maraímid é, agus is linn an oidhreacht.’

8. Agus rug siad air agus mharaigh siad é, agus chaith siad amach as an bhfíonghort é.

9. Cad é a dhéanfas an té ar leis an fíonghort? Tiocfaidh sé agus cuirfidh sé deireadh leis na tionóntaí, agus tabharfaidh sé an fíonghort do dhaoine eile.

10. An é nár léigh sibh an scrioptúr seo:‘An chloch chéanna dár dhiúltaigh na saoirtá sí mar chloch chinn sa chúinne;

11. is é sin an gníomh a rinne an Tiarna,agus is iontach é inár súile?’”

12. Agus d'fhéach siad lena ghabháil, ach b'eagal leo an slua, mar thuig siad gur chucu a d'inis sé an fáithscéal; agus mar sin de d'fhág siad é agus d'imigh siad leo.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 12