21. Agus ba chuimhin le Peadar agus dúirt sé leis, “A Mháistir, féach! Tá an crann fige a mhallaigh tú feoite.”
22. Agus d'fhreagair Íosa iad, “Bíodh creideamh i nDia agat.
23. I bhfírinne, deirim libh, cibé a deir leis an sliabh seo, ‘Tógtar thú agus caitear isteach san fharraige thú,’ gan amhras ina chroí, agus é ag creidiúint go dtiocfaidh an ní a deir sé i gcrích, déanfar dó é.
24. Dá bhrí sin deirim libh, cibé ní a iarras sibh san urnaí, creidigí go bhfaighidh sibh é, agus gheobhaidh sibh é.
25. Agus nuair a sheasann sibh ag déanamh urnaí, maithigí cibé rud atá agaibh in aghaidh duine ar bith; ionas go maithfidh bhur nAthair atá ar neamh bhur gcionta freisin.”
27. Agus d'fhilleadar athuair go hlarúsailéim agus tháinig na hardsagairt agus na scríobhaithe agus na seanóirí chuige, agus é ag siúl sa teampall,
28. go ndúirt leis, “Cad é an t‑údar atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, nó cé thug údarás duit lena ndéanamh?”
29. Dúirt Íosa leo, “Cuirfidh mise ceist oraibh; agus tugaigí freagra orm, agus inseoidh mé daoibh ansin cad é an t‑údar atá agam go bhfuil mé ag déanamh amhlaidh.
30. Cé acu ó fhlaitheas Dé nó ón gcine daonna ab ea é baiste Eoin? Tugaigí freagra orm.”
31. Agus rinne siad díospóireacht le chéile, “Má deirimid gur ó fhlaitheas Dé é, fiafróidh sé dínn, ‘Cad chuige nár chreid sibh ann mar sin?’
32. Ach an féidir linn a rá, ‘Ón gcine daonna’?”—bhí eagla orthu roimh na daoine, mar bhíodar uile ag dearbhú gurbh fháidh fírinneach é Eoin.
33. Ba é an freagra mar sin a thug siad ar Íosa, “Níl a fhios againn.” Agus ba é a dúirt Íosa leo, “Níl, agus ní inseoidh mise daoibh ach oiread cad é an t‑údar atá agam leis na nithe seo a dhéanamh atá á ndéanamh agam.”