Tiomna Nua

Marcas 11:2-21 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

2. agus dúirt sé leo, “Gabhaigí isteach sa bhaile beag úd atá os bhur gcoinne, agus go díreach nuair a théas sibh isteach gheobhaidh sibh bromach ceangailte, nár shuigh fear air riamh; scaoiligí é agus tugaigí anseo é.

3. Má deir aon duine libh, ‘Cad chuige a bhfuil sibh de?’ abraigí, ‘Tá feidhm ar an Tiarna leis’, agus cuirfidh sé ar ais anseo gan mhoill é.”

4. Agus d'imigh siad agus fuair siad bromach ceangailte ag an doras amuigh ar an tsráid; agus scaoil siad é.

5. Agus dúirt na fir a bhí ina seasamh thart leo, “Cad chuige a bhfuil sibh de sin, ag scaoileadh an bhromaigh?”

6. Agus dúirt siad leo an chaint a dúirt Íosa leo a rá; agus lig siad dóibh.

7. Agus thug siad an bromach chuig Íosa, agus chaith siad a mbaill éadaí air; agus chuaigh sé ag marcaíocht air.

8. Agus leath mórán daoine a bhfallaingeacha ar an mbóthar agus leath tuilleadh daoine craobhacha faoi dhuilleoga a ghearr siad faoi na cuibhrinn.

9. Agus an dream a chuaigh roimhe agus a lean ina dhiaidh ghlaoigh siad in airde a gcinn, “Hósanna! Is beannaithe an té a thagas in ainm an Tiarna!

10. Is beannaithe ríocht ár n‑athar Dáibhí a thiocfas! Hósanna in airdí neimhe!”

11. Agus chuaigh sé isteach go hlarúsailéim, agus sa teampall; agus nuair a bhí gach ní feicthe aige, tráthnóna domhain, d'imigh sé go Bétáin leis an dáréag.

12. An lá ina dhiaidh sin, nuair a tháinig siad ó Bhétáin, bhí ocras air.

13. Agus chonaic sé crann fige faoi dhuilliúr tamall uaidh, agus chuaigh sé chuige go bhfeicfeadh sé an bhfaigheadh sé aon ní air. Ach nuair a shroich sé é, ní bhfuair sé air ach duilleoga, mar níorbh é séasúr na bhfigí é.

14. Agus dúirt sé leis, “Ná hitheadh aon duine toradh díot arís.” Agus chuala a dheisceabail sin.

15. Agus tháinig siad go hlarúsailéim. Agus chuaigh sé isteach sa teampall agus thosaigh sé ar thiomáint amach an dream a bhíodh ag díol agus ag ceannach sa teampall, agus thiontaigh sé táblaí na malartóirí airgid bun os cionn agus suíocháin lucht díolta na gcolm;

16. agus ní ligfeadh sé d'aon duine ualach a iompar tríd an teampall.

17. Agus theagasc sé, agus dúirt sé leo, “Nach bhfuil sé scríofa, ‘Gairfear teach urnaí do na náisiúin go léir de mo theachsa?’ Ach tá uaimh ropairí déanta agaibh de”.

18. Agus chuala na hardsagairt agus na scríobhaithe é agus bhí a anam uathu; mar bhí eagla orthu roimhe, ó chuir a theagasc iontas ar an slua.

19. Agus nuair a tháinig an tráthnóna d'imigh siad as an gcathair.

20. Nuair a chuaigh siad thart ar maidin, chonaic siad an crann fige feoite go dtí na fréamhacha.

21. Agus ba chuimhin le Peadar agus dúirt sé leis, “A Mháistir, féach! Tá an crann fige a mhallaigh tú feoite.”

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 11