Tiomna Nua

Marcas 11:1-11 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Agus nuair a bhí siad ag druidim le hlarúsailéim, agus iad gar do Bhétfagé agus Bhétáin, ar chnoc na nOlóg, chuir sé beirt dá dheisceabail roimhe,

2. agus dúirt sé leo, “Gabhaigí isteach sa bhaile beag úd atá os bhur gcoinne, agus go díreach nuair a théas sibh isteach gheobhaidh sibh bromach ceangailte, nár shuigh fear air riamh; scaoiligí é agus tugaigí anseo é.

3. Má deir aon duine libh, ‘Cad chuige a bhfuil sibh de?’ abraigí, ‘Tá feidhm ar an Tiarna leis’, agus cuirfidh sé ar ais anseo gan mhoill é.”

4. Agus d'imigh siad agus fuair siad bromach ceangailte ag an doras amuigh ar an tsráid; agus scaoil siad é.

5. Agus dúirt na fir a bhí ina seasamh thart leo, “Cad chuige a bhfuil sibh de sin, ag scaoileadh an bhromaigh?”

6. Agus dúirt siad leo an chaint a dúirt Íosa leo a rá; agus lig siad dóibh.

7. Agus thug siad an bromach chuig Íosa, agus chaith siad a mbaill éadaí air; agus chuaigh sé ag marcaíocht air.

8. Agus leath mórán daoine a bhfallaingeacha ar an mbóthar agus leath tuilleadh daoine craobhacha faoi dhuilleoga a ghearr siad faoi na cuibhrinn.

9. Agus an dream a chuaigh roimhe agus a lean ina dhiaidh ghlaoigh siad in airde a gcinn, “Hósanna! Is beannaithe an té a thagas in ainm an Tiarna!

10. Is beannaithe ríocht ár n‑athar Dáibhí a thiocfas! Hósanna in airdí neimhe!”

11. Agus chuaigh sé isteach go hlarúsailéim, agus sa teampall; agus nuair a bhí gach ní feicthe aige, tráthnóna domhain, d'imigh sé go Bétáin leis an dáréag.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 11