Tiomna Nua

Marcas 10:39-52 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

39. Agus dúirt siad leis, “Is féidir.” Agus dúirt Íosa leo, “An cupán seo a ólaim ólfaidh sibh é; agus an baiste a mbaistear mise leis, baistfear sibh leis;

40. ach suí ar mo láimh dheas nó ar mo láimh chlé ní liomsa é le bronnadh uaim, ach is don dream ar ullmhaíodh dóibh é.”

41. Agus nuair a chuala an deichniúr faoi sin, thosaigh siad ar ghlacadh feirge le Séamas agus le hEoin.

42. Agus ghlaoigh Íosa chuige iad agus dúirt sé leo, “Is feasach daoibh an dream atá in ainm is a bheith i gceannas ar na Gintlithe agus conas a imríonn siad tiarnas orthu, agus conas a chuireann na fir mhóra a bhíonn acu faoina smacht iad.

43. Ach ní hamhlaidh a bheidh sé eadraibh; ach an té ar mhaith leis bheith ina fhear mór eadraibh caithfidh sé bheith mar sheirbhíseach agaibh,

44. agus cibé ar mhaith leis tús áite a bheith aige bíodh sé ina dhaor do chách.

45. Mar níor tháinig Mac an duine le seirbhís a fháil ach le seirbhís a dhéanamh, agus lena anam a thabhairt mar éiric ar son mórán daoine.”

46. Agus tháinig siad go hlericó; nuair a bhí sé ag imeacht as Iericó lena dheisceabail agus le mórshlua, bhí Bartiméas mac Thiméis, dall a bhíodh ag iarraidh déirce, ina shuí ar ghrua an bhóthair.

47. Agus nuair a chuala sé go mba é Íosa as Nasair é, thosaigh sé ar ghlaoch in airde a chinn agus á rá, “A Íosa, a Mhic Dháibhí, déan trócaire orm.”

48. Agus b'iomaí duine a chuir locht air á rá leis bheith ina thost; ach is amhlaidh ba mhó a ghlaoigh sé, “A Mhic Dháibhí, déan trócaire orm.”

49. Agus sheas Íosa agus dúirt sé, “Glaoigí air.” Agus ghlaoigh siad ar an dall, á rá leis, “Bíodh croí agat, éirigh, tá sé ag glaoch ort.”

50. Agus chaith sé a fhallaing uaidh agus léim sé ina shuí agus tháinig sé chuig Íosa.

51. Agus dúirt Íosa leis, “Cad é sin ba mhaith leat mé a dhéanamh duit?” Agus dúirt an dall leis, “A Mháistir, lig dom mo radharc a fháil.”

52. Agus dúirt Íosa leis, “Imigh romhat; shlánaigh do chreideamh thú.” Agus ar an toirt sin fuair sé a radharc agus lean sé sa bhealach é.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 10