Tiomna Nua

Marcas 10:32-44 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

32. Agus bhí siad ar an mbóthar ag dul suas go hlarúsailéim, agus Íosa ag siúl amach rompu; agus bhí iontas orthu, agus eagla ar ar tháinig ina dhiaidh. Agus thug sé an dáréag i leataobh arís, gur thosaigh ar insint dóibh a raibh i ndán dó,

33. á rá, “Féach, táimid ag dul suas go hlarúsailéim; agus tabharfar Mac an duine i lámha na n‑ardsagart agus na scríobhaithe, agus tabharfaidh siad breith báis air, agus tabharfaidh siad é do na Gintlithe;

34. agus iad ag magadh faoi, agus ag caitheamh seilí air, agus á sciúrsáil, agus á chur chun báis; agus i ndiaidh trí lá éireoidh sé arís.”

35. Agus tháinig Séamas agus Eoin, clann Shebidé, chun tosaigh chuige go ndúirt leis, “A Oide, táimid ag iarraidh ort cibé rud a impímid ort a dhéanamh dúinn.”

36. Agus dúirt sé leo, “Cad é sin a ba mhaith libh mé a dhéanamh daoibh.”

37. Agus dúirt siad leis, “Deonaigh dúinn suí leat, duine againn ar do láimh dheas agus duine ar do láimh chlé, nuair a bheidh tú i do ghlóir.”

38. Ach dúirt Íosa leo, “Ní thuigeann sibh cad é atá á iarraidh agaibh. An féidir libh an cupán a ólaim a ól, nó dul faoin mbaiste a mbaistear mise leis?”

39. Agus dúirt siad leis, “Is féidir.” Agus dúirt Íosa leo, “An cupán seo a ólaim ólfaidh sibh é; agus an baiste a mbaistear mise leis, baistfear sibh leis;

40. ach suí ar mo láimh dheas nó ar mo láimh chlé ní liomsa é le bronnadh uaim, ach is don dream ar ullmhaíodh dóibh é.”

41. Agus nuair a chuala an deichniúr faoi sin, thosaigh siad ar ghlacadh feirge le Séamas agus le hEoin.

42. Agus ghlaoigh Íosa chuige iad agus dúirt sé leo, “Is feasach daoibh an dream atá in ainm is a bheith i gceannas ar na Gintlithe agus conas a imríonn siad tiarnas orthu, agus conas a chuireann na fir mhóra a bhíonn acu faoina smacht iad.

43. Ach ní hamhlaidh a bheidh sé eadraibh; ach an té ar mhaith leis bheith ina fhear mór eadraibh caithfidh sé bheith mar sheirbhíseach agaibh,

44. agus cibé ar mhaith leis tús áite a bheith aige bíodh sé ina dhaor do chách.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 10