Tiomna Nua

Marcas 10:27-40 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

27. D'fhéach Íosa orthu agus dúirt sé, “Sin ní nach féidir leis na daoine, ach is féidir le Dia; mar níl ní nach féidir le Dia.”

28. Thosaigh Peadar ar a rá leis, “Nár thréigeamar ár gcuid den saol agus nár leanamar thusa?”

29. Dúirt Íosa, “Deirim libh i bhfírinne nach bhfuil duine dár thréig a theach nó a dheartháireacha nó a dheirfiúracha, nó a mháthair nó a athair nó a chlann nó a thailte, mar mhaithe liomsa agus leis an soiscéal,

30. nach bhfaighidh an toradh céadach anois san am i láthair, tithe agus deartháireacha agus deirfiúracha agus máithreacha agus clann agus tailte, agus géarleanúint leo, agus an bheatha shíoraí san aois atá le teacht.

31. Ach is iomaí duine atá ar dtús a bheidh ar deireadh, agus an duine deireannach is ar dtús a bheidh sé.”

32. Agus bhí siad ar an mbóthar ag dul suas go hlarúsailéim, agus Íosa ag siúl amach rompu; agus bhí iontas orthu, agus eagla ar ar tháinig ina dhiaidh. Agus thug sé an dáréag i leataobh arís, gur thosaigh ar insint dóibh a raibh i ndán dó,

33. á rá, “Féach, táimid ag dul suas go hlarúsailéim; agus tabharfar Mac an duine i lámha na n‑ardsagart agus na scríobhaithe, agus tabharfaidh siad breith báis air, agus tabharfaidh siad é do na Gintlithe;

34. agus iad ag magadh faoi, agus ag caitheamh seilí air, agus á sciúrsáil, agus á chur chun báis; agus i ndiaidh trí lá éireoidh sé arís.”

35. Agus tháinig Séamas agus Eoin, clann Shebidé, chun tosaigh chuige go ndúirt leis, “A Oide, táimid ag iarraidh ort cibé rud a impímid ort a dhéanamh dúinn.”

36. Agus dúirt sé leo, “Cad é sin a ba mhaith libh mé a dhéanamh daoibh.”

37. Agus dúirt siad leis, “Deonaigh dúinn suí leat, duine againn ar do láimh dheas agus duine ar do láimh chlé, nuair a bheidh tú i do ghlóir.”

38. Ach dúirt Íosa leo, “Ní thuigeann sibh cad é atá á iarraidh agaibh. An féidir libh an cupán a ólaim a ól, nó dul faoin mbaiste a mbaistear mise leis?”

39. Agus dúirt siad leis, “Is féidir.” Agus dúirt Íosa leo, “An cupán seo a ólaim ólfaidh sibh é; agus an baiste a mbaistear mise leis, baistfear sibh leis;

40. ach suí ar mo láimh dheas nó ar mo láimh chlé ní liomsa é le bronnadh uaim, ach is don dream ar ullmhaíodh dóibh é.”

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 10