1. Agus d'fhág sé an áit úd le dul go limistéar Iúdaea agus anonn thar abhainn an Iornáin, agus chruinnigh na sluaite chuige arís; agus é á dteagasc mar ba ghnách leis.
2. Agus tháinig Fairiséigh, agus mar mhaithe le féachaint a chur air d'fhiafraigh siad de, “An dleathach d'fhear scaradh lena bhean?”
3. Ba é a fhreagra orthu, “Cad é a d'ordaigh Maois daoibh?”
4. Ar siadsan, “Lig Maois d'fhear deimhniú scartha a scríobh, agus í a chur uaidh.”
5. Ach dúirt Íosa leo, “Is mar gheall ar chruas bhur gcroíthe a scríobh sé an aithne sin daoibh.
6. Ach ó chéad-tús na cruthaíochta, ‘rinne Dia iad fireann agus baineann.’
7. Ar an ábhar sin fágfaidh fear a athair agus a mháthair agus cloífidh sé lena bhean,
8. agus beidh an dís ina n‑aon. Mar sin ní dís iad feasta ach aon.
9. Mar sin, an ní a cheangail Dia, ná scaoileadh an duine ó chéile é.”
10. Agus d'fhiafraigh a dheisceabail de ina thaobh istigh sa teach.
11. Agus dúirt sé leo, “An té a chuireas a bhean uaidh agus a phósas bean eile, bíonn peaca an adhaltranais air ina haghaidh sin;
12. agus má chuireann sise a fear uaithi agus fear eile a phósadh, is ise is ciontach in adhaltranas ina aghaidhsean.”
13. Agus bhíothas ag tabhairt leanaí óga chuige; agus fuair a dheisceabail locht ar an dream a thug chuige iad.
14. Ach nuair a chonaic Íosa sin bhí fearg air agus dúirt sé leo, “Ligigí do na leanaí óga teacht chugamsa, ná cuirigí cosc leo; óir is lena samhail siúd ríocht na bhflaitheas.
15. Is i bhfírinne a deirim libh, an té nach nglacann le ríocht na bhflaitheas ar nós linbh ní rachaidh sé isteach inti.”
16. Agus rug sé barróg orthu agus bheannaigh sé iad, ag cur a lámh orthu.
17. Agus é i bhfíorthús a aistir, rith fear aníos chuige agus chuaigh ar a ghlúine roimhe agus d'fhiafraigh, “A Dhea-Oide, cad é sin a chaithfeas mé a dhéanamh leis an mbeatha shíoraí a fháil mar oidhreacht?”
18. Agus arsa Íosa leis, “Cad chuige dea-dhuine a thabhairt ormsa? An Dea-Dhia amháin is maith ann.