Tiomna Nua

Marcas 1:32-45 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

32. An tráthnóna úd, in am dhul faoi na gréine, thug siad chuige na daoine a bhí tinn, nó a raibh deamhain iontu.

33. Agus chruinnigh an chathair uile ag an doras.

34. Agus leigheas sé a lán a raibh gach cineál tinnis orthu, agus dhíbir sé mórán deamhan; agus níor lig sé do na deamhain labhairt, de bhrí go raibh aithne acu air.

35. Agus d'éirigh sé ar maidin, i bhfad roimh bhánú an lae, agus d'imigh sé ag guí ar an uaigneas.

36. Agus d'éirigh Siomón agus an dream a bhí leis dá chuardach,

37. go dtí go bhfuair siad é go ndúirt siad leis, “Tá gach uile dhuine do d'iarraidh.”

38. Agus dúirt seisean leo, “Téimis ar aghaidh go dtí na bailte atá romhainn, go ndéana mé seanmóireacht ansin freisin; óir is leis sin a tháinig mé amach.”

39. Agus chuaigh sé mórthimpeall na Galailí, ag seanmóireacht ina sionagóga agus ag díbirt deamhan as daoine.

40. Níorbh fhada gur tháinig lobhar go dtí é, ag iarraidh d'impí air, agus ag feacadh glún roimhe, agus á rá, “Más maith leat é, is féidir leat mo dhéanamh glan.”

41. Agus ghlac Íosa trua dó, agus shín sé amach a lámh gur chuir sé air í, agus dúirt sé, “Is maith liom é; bí glan.”

42. Agus d'fhág an lobhra é ar an toirt, agus bhí sé glan.

43. Agus thug sé ordaithe dó go dian docht, agus scaoil sé uaidh é ar an bpointe,

44. agus dúirt sé leis; “Seachain gan focal a rá faoi le haon duine beo; ach imigh romhat do do thaispeáint don sagart, agus tabhair an méid atá ordaithe ag Maois ar son do ghlanta, lena dhearbhadh do na daoine.”

45. Ach ní luaithe a bhí sé imithe ná thosaigh sé ar scaoileadh a bhéil agus ag scaipeadh an scéil, sa dóigh nár fhéad Íosa siúl isteach go follasach in aon bhaile, ach é ag fanacht amuigh ar an tuath; agus daoine ag tarraingt air as na ceithre aird.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 1