Tiomna Nua

Marcas 1:2-21 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

2. Mar atá scríofa ag Ísáia an fáidh,“Féach, cuirim romhat mo theachtaire a ullmhós do shlí;

3. glór an té atá ag fógairt san fhásach:Réitígí slí an Tiarna,déanaigí a chosán díreach—”

4. Thug Eoin Baiste é féin le taispeáint san fhásach, agus é ag seanmóireacht bhaiste an aithreachais le maithiúnas na bpeacaí a fháil.

5. Agus chuaigh a raibh i dtír Iúdaea agus muintir uile Iarúsailéim amach chuige; agus rinne sé a mbaisteadh in abhainn an Iornáin, agus iad ag admháil a bpeacaí.

6. Agus ba é an t‑éadach a bhíodh ar Eoin rón camaill, agus crios leathair faoina chom, agus ba lócaistí agus mil na mbeach fiáin ba bhia dó.

7. Agus d'fhógair sé an chaint seo, “Tá duine le teacht i mo dhiaidhse níos cumhachtaí ná mise, duine nach fiú mé cromadh síos le hiallacha a bhróg a scaoileadh.

8. Tá mise tar éis bhur mbais­teadh le huisce; ach déanfaidh seisean bhur mbaisteadh leis an Spiorad Naomh.”

9. Ba sna laethanta úd a tháinig Íosa as Nasair na Galailí agus bhaist Eoin san Iornán é.

10. Agus chonaic sé, agus é ag teacht aníos as an uisce, na spéartha ar oscailt agus an Spiorad ag tuirlingt air i riocht coilm;

11. agus tháinig an glór as spéartha neimhe, “Is tú mo Mhac ionúin, is ionat atá mo mhór-aoibhneas.”

12. Thiomáin an Spiorad amach san fhásach é láithreach.

13. Agus chaith sé seal daichead lá ar an bhfásach agus Sátan ag cur cathuithe air; agus é in éineacht leis na beithígh allta; agus rinne na haingil timireacht air.

14. Ansin nuair a gabhadh Eoin, tháinig Íosa go Galailí ag fógairt shoiscéal Dé,

15. á rá, “Tá an tráth ar fáil, agus seo í ríocht Dé i ngar; déanaigí aithreachas, agus creidigí sa soiscéal.”

16. Agus nuair a bhí sé ag siúl ar imeall Mhuir Ghalailí, chonaic sé Síomón agus Aindrias deartháir Shíomóin ag cur lín isteach san fharraige, mar ba iascairí iad.

17. Agus dúirt Íosa leo, “Leanaigí mise go ndéana mé iascairí díbh a cheapfas fir.”

18. Agus d'fhág siad a líonta láithreach agus lean siad é.

19. Agus nuair a bhí giota beag eile curtha de, chonaic sé Séamas mac Shebidé agus Eoin a dheartháir agus iad ina mbád ag deisiú na líonta.

20. Agus ghlaoigh sé orthu ar an toirt; agus d'fhág siad a n‑athair Sebidé agus a sheirbhísigh sa bhád agus lean siad é.

21. Agus chuaigh siad isteach go Caparnáum; agus chuaigh seisean láithreach isteach sa tsionagóg ar an tsabóid agus thug sé teagasc.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 1