Tiomna Nua

Lúcás 9:40-58 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

40. Agus d'iarr mé mar achainí ar do dheisceabail a díbirt, ach ní raibh sin ar a gcumas.”

41. Is é a d'fhreagair Íosa, “A ghlúin dhíchreidmheach, chlaon, cá fhad atá orm bheith libh nó teacht libh? Tabhair chugam anseo do mhac.”

42. Nuair a bhí sé ag teacht chuige, réab an deamhan agus chuir i dtrithí é. Ach bhagair Íosa ar an sprid neamhghlan, agus leigheas sé an gasúr, gur thug ar ais dá athair é.

43. Agus b'iontach leo uile é mórgacht Dé.Ach nuair a bhí siad ag déanamh iontais de gach aon ní dá ndearna sé, dúirt sé lena dheisceabail,

44. “Téadh na briathra seo isteach go domhain in bhur gcluasa; mar tabharfar Mac an duine i lámha fear.”

45. Ach níor thuig siad an rá sin, agus bhí sé ceilte orthu, ionas nach dtabharfaidís faoi deara é; agus níor lig an eagla dóibh fiafraí de i dtaobh an rá sin.

46. Agus d'éirigh conspóid eatarthu faoi cé ba mhó céim orthu.

47. Ach nuair ba léir d'Íosa an smaoineamh a bhí ina gcroíthe, fuair sé leanbh gur chuir ina sheasamh taobh leis,

48. agus dúirt sé leo, “Cibé a ghlacas leis an leanbh seo i m'ainmse is liom a ghlacas sé, agus cibé a ghlacas liomsa glacann sé leis an Té a chuir uaidh mé; mar is ionann an té is lú agus an té is mó céim eadraibh.”

49. Ba é an freagra a thug Eoin air, “A Mháistir, chonaiceamar an fear agus é ag díbirt deamhan i d'ainm, agus chrosamar air é, de bhrí nach leanann sé an bealach céanna linne.”

50. Ach dúirt Íosa leis, “Ná crosaigí air é; mar an té nach mbíonn in bhur n‑aghaidh bíonn sé ar bhur dtaobh.”

51. Nuair a dhruid na laethanta leo a rabhthas lena ardú go neamh, thug sé a aghaidh go daingean ar Iarúsailéim.

52. Agus chuir sé teachtairí ar a bhéala, a chuaigh roimhe isteach i mbaile de chuid na Samaratánach, le hullmhú roimhe;

53. ach ní ghlacfadh na daoine leis, as siocair a aghaidh a bheith ar Iarúsailéim.

54. Agus nuair a chonaic a dheisceabail, Séamas agus Eoin, é, dúirt siad, “A Thiarna, an toil leat sinne a ordú don tine teacht anuas ó neamh agus a slogadh?”

55. Ach is é rud, thiontaigh sé orthu agus chuir sé milleán orthu.

56. Agus chuaigh siad go baile eile.

57. Nuair a bhí siad ag siúl an bhealaigh, dúirt an fear leis, “Leanfaidh mé thú cibé áit a rachaidh tú.”

58. Agus dúirt Íosa leis, “Bíonn uachaisí ag sionnaigh, agus neadacha ag éanlaith an aeir, ach níl áit leagtha a chinn ag Mac an duine.”

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 9