Tiomna Nua

Lúcás 9:28-41 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

28. Tuairim is ocht lá i ndiaidh an chaint sin a rá ghlac sé leis Peadar agus Eoin agus Séamas, agus chuaigh a urnaí ar ard an tsléibhe.

29. San urnaí dó, d'athraigh fíor a dhreacha, agus d'éirigh a éadaí gléigeal go dtí gur dhall siad an tsúil.

30. Agus b'shiúd beirt fhear ag caint leis, agus b'iad Maois agus Elía iad,

31. a taispeánadh sa ghlóir, agus a bhí ag caint leis faoin éag a bhí i ndán dó in Iarúsailéim.

32. Anois bhí iarraidh trom codlata ar Pheadar agus an méid a bhí leis, ach gur fhan siad ina ndúiseacht, agus chonaic siad a ghlóir, agus chonaic an bheirt fhear a sheas leis.

33. Nuair a bhí na fir ag scaradh leis, arsa Peadar le hÍosa, “A Oide, is méanar dúinn bheith anseo; déanaimis trí bhoth, both daoibhse agus both do Mhaois agus both d'Elía,” agus gan fhios aige cad é a raibh sé á rá.

34. Nuair a bhí sé á rá sin, tháinig néal anuas a raibh siad faoina scáth; agus bhí eagla orthu agus iad faoin néal.

35. Agus labhair an glór amach as an néal, á rá, “Is é seo mo Mhacsa, mo Neach tofa; éistigí leis!”

36. Agus nuair a bhí sin ráite ag an nglór, ní raibh le fáil ach Íosa amháin. Agus d'fhan siadsan ina dtost gan a insint faoina raibh feicthe acu do dhuine ar bith sna laethanta úd.

37. Chuaigh slua mór ina airicis, lá arna mhárach, nuair a tháinig siad anuas an sliabh.

38. Agus b'shiúd fear den slua a ghlaoigh air, “A Oide, iarraim d'impí ort féachaint ar mo mhac, mar is é m'aon duine clainne é;

39. agus féach, beireann sprid air, agus ligeann sé béic as i dtobainne; agus réabann sí é go dtagann cúr lena bhéal, agus coscraíonn sí é, agus is ar éigean a fhágfaidh sí é.

40. Agus d'iarr mé mar achainí ar do dheisceabail a díbirt, ach ní raibh sin ar a gcumas.”

41. Is é a d'fhreagair Íosa, “A ghlúin dhíchreidmheach, chlaon, cá fhad atá orm bheith libh nó teacht libh? Tabhair chugam anseo do mhac.”

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 9