Tiomna Nua

Lúcás 9:1-12 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Agus ghlaoigh sé le chéile an dáréag gur thug cumhacht agus údarás dóibh leis na deamhain a chur faoi smacht agus na breoiteachtaí a leigheas,

2. agus gur chuir amach iad chun go bhfógróidís ríocht Dé agus go slánóidís aicídí.

3. Agus ar seisean leo, “Ná tugaigí ní ar bith libh le haghaidh bhur n‑aistir, ach imígí gan bhata, gan mhála, gan arán, gan airgead; agus ná bíodh an dá léine agaibh.

4. Agus fanaigí sa chéad teach ina dtéann sibh go n‑imí sibh.

5. Agus an áit nach gcuireann fáilte romhaibh, ag fágáil an bhaile úd daoibh, croithigí an deannach de bhur gcosa mar fhianaise ina n‑éadan.”

6. Agus d'imigh siad leo gur shiúil na bailte beaga as éadan, agus gur chraobhscaoil siad an soiscéal agus gur shlánaigh siad san uile áit.

7. Chuala Iorua an teitrearch faoina ndearnadh, agus bhí buaireamh air, ó bhí cuid á rá gur tógadh Eoin ar aiséirí ó na mairbh,

8. agus cuid eile á rá gur nocht Elía, agus tuilleadh ag dearbhú gur fáidh de na seanfháithe a bhí ann a bhí d'éis éirithe.

9. Dúirt Iorua, “Bhain mé an ceann d'Eoin; ach cé hé seo a gcluinim an t‑iomrá seo faoi?” Agus bhí sé i bhfáth le hamharc a fháil air.

10. Ar bhfilleadh dóibh, d'inis na haspail dó a raibh déanta acu. Agus thug sé leis iad go ndeachaigh i leataobh go cathair ar tugadh Bétsáida uirthi.

11. Nuair a chuala na sluaite faoi, lean siad é; agus d'fháiltigh sé rompu agus labhair sé leo faoi ríocht Dé, agus leigheas sé an méid a bhí easlán.

12. Faoin am sin bhí an tráthnóna beag ann; agus tháinig an dáréag chuige go ndúirt leis, “Cuir uait an slua, go rachaidís thart faoi na bailte beaga agus an tír thart timpeall, go bhfaighidh siad lóistín agus bia; mar táimid anseo in áit gan áitreabh.”

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 9