37. Ba ansin a d'iarr lucht limistéar na nGeraséanach d'impí air bheith ag imeacht uathu; mar bhí greim mór ag an eagla orthu; agus dá thairbhe sin chuaigh sé isteach arís sa bhád le filleadh.
38. Ach d'iarr an fear a raibh na deamhain ann air ligean dó bheith leis; ach chuir sé uaidh é á rá,
39. “Fill ar do theaghlach féin, agus foilsigh a bhfuil déanta ag Dia duit.” Agus d'imigh sé leis ag fógairt ar fud na cathrach uile a ndearna Íosa dó.
40. Anois nuair a d'fhill Íosa, bhí fáilte ag an slua roimhe, ó bhí siad uile ag feitheamh leis.
41. Agus tháinig fear a raibh Iárus mar ainm air, a bhí ina rialtóir sionagóige; agus thit sé ag cosa Íosa ag cur impí air teacht chun a thí,
42. mar ní raibh aige ach an t‑aon iníon amháin, a bhí thart ar dhá bhliain déag d'aois, agus bhí sí i mbéala báis.Sa siúl dó, bhí na daoine ag brú air.
43. Agus bhí bean ansin a raibh rith fola uirthi dhá bhliain déag agus nár fhéad aon duine a leigheas,
44. tháinig sise aníos ó lorg a chúil, gur bhain a lámh d'imeall a éadaí; agus ní luaithe a bhí sin déanta aici ná coisceadh rith a fola.
45. Agus dúirt Íosa, “Cé hé sin a bhain liom?” Nuair a shéan siad uile go léir, dúirt Peadar leis, “A Mháistir, tá na sluaite do do timpeallú agus ag brú ort!”
46. Ach dúirt Íosa, “Leag duine éigin lámh orm; mar mothaím go bhfuil cumhacht i ndiaidh dul amach uaim.”
47. Agus nuair a chonaic an bhean nárbh fhéidir a ceilt níos faide, tháinig sí agus í ar aon bhall creatha, agus thit síos roimhe gur fhoilsigh i láthair an tslua cad chuige ar leag sí a lámh air, agus cad é mar a leigheasadh í ar an toirt.
48. Agus dúirt sé léi, “A iníon liom, leigheas do chreideamh thú; imigh leat faoi shíocháin.”
49. Nuair a bhí sé go fóill ag rá na cainte sin, tháinig fear ó theach an rialtóra a dúirt leis, “Tá d'iníon marbh; ná cuir a thuilleadh buartha ar an Oide.”
50. Ach nuair a chuala Íosa sin d'fhreagair sé é, “Ná bíodh eagla ort; creid amháin, agus beidh sise ar fónamh.”
51. Agus nuair a shroich sé an teach, níor lig sé d'aon duine dul isteach ina chuideachta, ach Peadar agus Eoin agus Séamas, agus athair agus máthair an linbh.