Tiomna Nua

Lúcás 8:23-34 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

23. agus ar a luas agus a sheol siad thit a chodladh air. Agus tháinig doineann ghaoithe anuas ar an loch, agus bhí an bád á líonadh le huisce agus contúirt orthu.

24. Agus chuaigh siad gur mhúscail siad é á rá leis, “A Mháistir, a Mháistir, táimid caillte!” Agus mhúscail sé agus bhagair sé ar an ngaoth agus ar na tonnta tréana; agus stad siad agus bhí ciúnas ann.

25. Agus ar seisean leo, “Cá bhfuil bhur gcreideamh?” Agus bhí eagla orthu, agus rinne siad iontas de, á rá le chéile, “Cé an sórt duine é seo, go n‑ordaíonn sé go fiú don ghaoth agus don uisce, agus go n‑umhlaíonn siad dó?”

26. Ba ansin a shroich siad tír na nGeraséanach, atá thall os comhair Ghalailí.

27. Agus ní raibh sé ach ag cur a chos ar an talamh nuair a tháinig fear ón gcathair ina airicis a raibh deamhain ann; b'fhada ó chaith sé éadaí, agus ní i dteach a bhí a chónaí ach i measc na dtuamaí.

28. Nuair a chonaic sé Íosa, lig sé béic as agus thit sé ar a bhéal roimhe, agus dúirt sé in ard a chinn, “Cad é an bhaint atá agat liom, a Íosa, a Mhic an Ard-Dé? Mar achainí ort é, ná bí do mo chéasadh.”

29. Mar bhí ordaithe aige don sprid neamhghlan teacht amach as an bhfear. (Ba mhinic dó breith air; agus coinníodh faoi choimeád é, agus ceanglaíodh i slabhraí agus i ngeimhle é, ach bhriseadh sé an ceangal agus thiomáineadh an deamhan amach ar an bhfásach é.)

30. D'fhiafraigh Íosa de ansin, “Cad é an t‑ainm atá ort?” Agus d'fhreagair sé “Léigiún”; mar b'iomaí sin deamhan a bhí i ndiaidh dul isteach ann.

31. Agus d'iarr na deamhain mar achainí ar Íosa gan a ordú dóibh dul amach sa duibheagán mór.

32. Anois bhí tréad mór muc ag innilt ansin ar shleas an chnoic; agus chuir siad a n‑impí air ligean dóibh dul isteach iontu siúd. Agus thug sé an cead sin dóibh.

33. D'imigh na deamhain ansin amach as an bhfear agus isteach sna muca, agus rith an tréad síos le fána amach sa loch gur bádh an t‑iomlán acu.

34. Nuair a chonaic na tréadaithe ar tharla, theith siad leo, agus d'inis an scéal sa chathair agus sa limistéar tíre.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 8