Tiomna Nua

Lúcás 8:19-28 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

19. Ba ansin a tháinig a mháthair agus a dheartháireacha chuige, ach níor fhéad siad a shroicheadh de bharr an tslua.

20. Agus insíodh dó, “Tá do mháthair agus do dheartháireacha ina seasamh amuigh, ag iarraidh teacht ar d'amharc.”

21. Ach is é a dúirt sé leo, “An dream a chluineas briathar Dé agus a chuireas i ngníomh é, is iad mo mháthair agus mo dheartháireacha iad.”

22. Aon lá amháin chuaigh sé ar bhád é féin agus a dheisceabail, agus dúirt sé leo, “Téimis go dtí an taobh thall den loch.” D'imigh siad leo mar sin,

23. agus ar a luas agus a sheol siad thit a chodladh air. Agus tháinig doineann ghaoithe anuas ar an loch, agus bhí an bád á líonadh le huisce agus contúirt orthu.

24. Agus chuaigh siad gur mhúscail siad é á rá leis, “A Mháistir, a Mháistir, táimid caillte!” Agus mhúscail sé agus bhagair sé ar an ngaoth agus ar na tonnta tréana; agus stad siad agus bhí ciúnas ann.

25. Agus ar seisean leo, “Cá bhfuil bhur gcreideamh?” Agus bhí eagla orthu, agus rinne siad iontas de, á rá le chéile, “Cé an sórt duine é seo, go n‑ordaíonn sé go fiú don ghaoth agus don uisce, agus go n‑umhlaíonn siad dó?”

26. Ba ansin a shroich siad tír na nGeraséanach, atá thall os comhair Ghalailí.

27. Agus ní raibh sé ach ag cur a chos ar an talamh nuair a tháinig fear ón gcathair ina airicis a raibh deamhain ann; b'fhada ó chaith sé éadaí, agus ní i dteach a bhí a chónaí ach i measc na dtuamaí.

28. Nuair a chonaic sé Íosa, lig sé béic as agus thit sé ar a bhéal roimhe, agus dúirt sé in ard a chinn, “Cad é an bhaint atá agat liom, a Íosa, a Mhic an Ard-Dé? Mar achainí ort é, ná bí do mo chéasadh.”

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 8