Tiomna Nua

Lúcás 7:8-24 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

8. Mar is duine mé féin a mbíonn cinn urra os mo chionn, agus a mbíonn saighdiúirí fúmsa; agus deirim le saighdiúir amháin, ‘Imigh,’ agus imíonn sé leis; agus deirim le saighdiúir eile, ‘Tar,’ agus tagann sé chugam; agus deirim le mo mhogha, ‘Déan seo,’ agus déanann sé amhlaidh.”

9. Nuair a chuala Íosa na briathra sin rinne sé iontas den té a dúirt iad, agus thiontaigh sé thart go ndúirt leis an slua a bhí á leanúint, “Tá mise á insint daoibh nach bhfuair mé riamh creideamh chomh mór leis sin, in Iosrael féin.”

10. Agus nuair a d'fhill na teachtairí ar an teach, chonaic siad go raibh an mogha leigheasta.

11. Go gairid ina dhiaidh sin chuaigh sé go dtí cathair a raibh Náín mar ainm uirthi, agus bhí a dheisceabail agus slua mór daoine ina chuideachta.

12. Nuair a bhí sé féin ag druidim le geata na cathrach, b'shiúd fear a bhí i ndiaidh bás a fháil á iompar amach, an t‑aon mhac amháin a bhí ag a mháthair, a bhí ina baintreach mhná; agus bhí slua mór de lucht na cathrach á comóradh.

13. Agus nuair a chonaic an Tiarna í, thug sé trua di, agus dúirt léi, “Ná bí ag caoineadh.”

14. Agus tháinig sé gur leag sé a lámh ar an gcróchar, agus sheas na fir a bhí á iompar. Agus dúirt sé. “A óigfhir, deirim leat, éirigh.”

15. Agus d'éirigh an marbhán ina shuí, agus chuaigh a chaint. Agus thug Íosa i lámha a mháthar é.

16. Thit eagla orthu uile go léir; agus thug siad glóir do Dhia, agus é á rá acu, “Tá mórfháidh d'éis éirí eadrainn,” agus, “Tá Dia i ndiaidh dearcadh ar a dhaoine féin.”

17. Agus leathnaigh an t‑iomrá faoi ar fud Iúdaea agus na ndúichí uile ina thimpeall.

18. D'inis deisceabail Eoin na nithe sin uile d'Eoin.

19. Agus ghlaoigh Eoin ar bheirt dá dheisceabail gur chuir chuig an Tiarna iad leis an teachtaireacht seo, “An tú an té atá le teacht, nó an bhfuilimid ag feitheamh le duine eile?”

20. Agus nuair a tháinig na fir chuige, dúirt siad, “Chuir Eoin Baiste chugat sinn, á rá, ‘An Tú an té atá le teacht, nó an bhfuilimid ag feitheamh le duine eile?’”

21. Agus in alt na huaire úd leigheas sé mórán daoine ó aicídí agus ó phlánna agus ó dhrochdheamhain, agus thug sé an radharc do mhórán mór de dhaill.

22. Agus ba é an freagra a thug sé orthu, “Imígí agus insígí d'Eoin an méid a chonaic sibh agus a chuala sibh: na daill a fhaigheas a radharc, na bacaigh atá ag siúl, na lobhair atá glanta, na marbháin atá á dtógáil as an uaigh, agus an dea-scéal atá á sheanmóireacht do na bochtáin.

23. Agus is beannaithe nach nglacann scannal liomsa.”

24. Nuair a bhí teachtairí Eoin imithe ar shiúl, chuaigh sé ag caint leis na sluaite i dtaobh Eoin: “Cad é an fáth a ndeachaigh sibh amach ar an bhfásach? An le hamharc ar ghiolcach á séideadh le gaoth?

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 7