Tiomna Nua

Lúcás 7:35-50 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

35. Ach ní fhágann sin nach dtugann clann na heagna uile go léir a ceart don eagna ar di iad, is cuma cé hiad.”

36. Bhí duine de na Fairiséigh i ndiaidh cuireadh a thabhairt dó le béile a chaitheamh leis, agus chuaigh sé isteach i dteach an Fhairiséigh gur shuigh ag bord ann.

37. Agus siúd bean as an gcathair, a bhí ina peacach mór, a chuala faoina bheith ina shuí ag bord i dteach an Fhairiséigh, a thug crúiscín alabastair lán d'uinnimint léi,

38. agus a sheas ar a chúl mar a raibh a chosa sínte, agus a thosaigh ar fhliuchadh a chos lena deora, agus ar a dtriomú le gruaig a cinn, agus a phóg a chosa ansin, agus chuir sí an uinnimint orthu.

39. Ansin nuair a chonaic an Fairiséach a thug an cuireadh dó an méid sin, dúirt sé ina intinn leis féin, “Dá mba fháidh é an duine seo, d'aithneodh sé cé hí agus cad é an sórt mná atá inti sin atá ag leagan láimhe air, mar is mór an peacach í.”

40. Ach dúirt Íosa leis ag tabhairt freagra air, “A Shíomóin, cogar mé seo leat.” Agus d'fhreagair seisean, “Cad é an rud é, a Oide?”

41. “Bhí fear ann am amháin a raibh fiacha amuigh aige ar bheirt, duine acu a raibh cúig chéad déanar aige air, agus duine eile nach raibh aige air ach deich agus dhá scór.

42. Nuair nár fhéad siad a n‑íoc, mhaith sé a bhfiacha don bheirt acu. Cé acu anois a thabharfaidh an grá is mó dó?”

43. D'fhreagair Síomón, “An té sin, is dóigh liom, ar mhaith sé an chuid ba mhó dó.” Agus dúirt sé leis, “Is ceart an bhreith atá tugtha agat.”

44. Thiontaigh sé ansin chuig an mbean agus ar seisean le Síomón, “An bhfeiceann tú an bhean seo? Tháinig mise chun tí agat, agus níor thug tú aon uisce dom le haghaidh mo chos, ach nigh sise mo chosa lena deora agus chuimil iad le gruaig a cinn á dtriomú.

45. Níor thug tusa aon phóg dom, ach ó tháinig mise isteach níor stad sí ach ag pógadh mo chos.

46. Níor chuir tú aon ola ar mo cheann á ungadh ach tá mo chosa ungtha aici seo le huinnimint.

47. Dá bhrí sin tá mise á insint duit, go bhfuil a cuid peacaí dá liacht iad maite di ar liacht a grá; ach an té a maitear an beagán dó, ní bhíonn aige ach beagán grá.”

48. Agus dúirt sé léi, “Tá do pheacaí maite duit.”

49. Agus thosaigh an dream a bhí ag aon bhord leis ar a rá le chéile, “Cé sin, a dtagann leis go fiú peacaí a mhaitheamh?”

50. Agus dúirt sé leis an mbean, “Shlánaigh do chreideamh thú; imigh leat i síocháin.”

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 7