Tiomna Nua

Lúcás 7:23-38 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

23. Agus is beannaithe nach nglacann scannal liomsa.”

24. Nuair a bhí teachtairí Eoin imithe ar shiúl, chuaigh sé ag caint leis na sluaite i dtaobh Eoin: “Cad é an fáth a ndeachaigh sibh amach ar an bhfásach? An le hamharc ar ghiolcach á séideadh le gaoth?

25. Ach cad é a chonaic sibh nuair a chuaigh sibh amach? An fear é a raibh éadaí míne air? Ach an dream úd a bhíos gléasta go galánta is i gcúirteanna ríthe a mhaireann siad siúd.

26. Cé mar sin arbh fhiú daoibh dul a fhéachaint air? An fáidh é a bhí ann? Deirim libh gurb ea, agus gur mó arís ná fáidh é.

27. Mar is é sin an té a bhfuil sé scríofa faoi,‘Siúd mé ag cur mo theachtaire ar do bhéala,an té a réiteos do shlí romhat.’

28. Agus tá mise ag insint daoibh nach raibh aon mhac ag aon mháthair riamh ba mhó ná Eoin; ach ní fhágann sin nach mó ná é an té is lú i ríocht Dé.”

29. (Agus d'admhaigh na daoine uile, go fiú bailitheoirí na gcánacha, a bhí i ndiaidh an chaint sin a chluinstin uaidh nach raibh Dia ach ag baint a cheart amach orthu agus iad á mbaisteadh le baiste Eoin;

30. ach na Fairiséigh agus na scríobhaithe, ba iad an dream nach ngéillfeadh do dhea-thoil Dé agus nár lig d'Eoin a mbaisteadh).

31. “Ach cad é an tsamhail a thugaim don ghlúin seo fear, agus cad é an chosúlacht atá orthu?

32. Is cosúil iad le páistí óga ina suí i sráid an mhargaidh agus iad ag glaoch ar a chéile.‘Rinneamar portaíocht daoibh agus ní dheachaigh sibh a dhamhsa,chuamar a chaoineadh daoibh agus ní dhearna sibh mairgneach.’

33. “Mar tháinig Eoin Baiste a bhí gan arán a ithe ná fíon a ól, agus deir sibh, ‘Tá drochdheamhan ina chorp.’

34. Tháinig Mac an duine agus é ag ithe agus ag ól, agus deir sibh, ‘Seo pótaire craosach, comrádaí bailitheoirí cánacha agus peacach drúiseach!’

35. Ach ní fhágann sin nach dtugann clann na heagna uile go léir a ceart don eagna ar di iad, is cuma cé hiad.”

36. Bhí duine de na Fairiséigh i ndiaidh cuireadh a thabhairt dó le béile a chaitheamh leis, agus chuaigh sé isteach i dteach an Fhairiséigh gur shuigh ag bord ann.

37. Agus siúd bean as an gcathair, a bhí ina peacach mór, a chuala faoina bheith ina shuí ag bord i dteach an Fhairiséigh, a thug crúiscín alabastair lán d'uinnimint léi,

38. agus a sheas ar a chúl mar a raibh a chosa sínte, agus a thosaigh ar fhliuchadh a chos lena deora, agus ar a dtriomú le gruaig a cinn, agus a phóg a chosa ansin, agus chuir sí an uinnimint orthu.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 7