1. Ansin nuair a bhí a ráite uile éiste ag an slua shiúil sé leis isteach i gCaparnáum.
2. Agus bhí ceantúir ansin a raibh mogha aige ba dhílis lena chroí, agus bhí an mogha breoite agus i mbéala báis.
3. Nuair a chuala sé faoi Íosa, chuir sé daoine chuige de sheanóirí na nGiúdach, á iarraidh air teacht agus an mogha sin aige a leigheas.
4. Agus nuair a tháinig siad chuig Íosa, d'iarr siad achainí air, agus dúirt siad, “Is maith is fiú é go ndéanfá an méid sin dó,
5. mar tá dámh aige dár gcine-ne, agus is é a thóg ár sionagógna dúinn.”
6. Agus chuaigh Íosa leo. Ach nuair a bhí sé tamall ón teach, chuir an ceantúir cuid dá chairdesean chuige, a dúirt leis, “A Thiarna, ná cuirigí an saothar seo oraibh féin, mar ní fiú mé go dtiocfadh sibh faoi mo dhíon;
7. agus sin é an fáth nach raibh sé de dhánaíocht agam teacht chugaibh. Ach ná déanaigí ach an focal a rá, agus leigheasfar mo sheirbhíseach.
8. Mar is duine mé féin a mbíonn cinn urra os mo chionn, agus a mbíonn saighdiúirí fúmsa; agus deirim le saighdiúir amháin, ‘Imigh,’ agus imíonn sé leis; agus deirim le saighdiúir eile, ‘Tar,’ agus tagann sé chugam; agus deirim le mo mhogha, ‘Déan seo,’ agus déanann sé amhlaidh.”
9. Nuair a chuala Íosa na briathra sin rinne sé iontas den té a dúirt iad, agus thiontaigh sé thart go ndúirt leis an slua a bhí á leanúint, “Tá mise á insint daoibh nach bhfuair mé riamh creideamh chomh mór leis sin, in Iosrael féin.”
10. Agus nuair a d'fhill na teachtairí ar an teach, chonaic siad go raibh an mogha leigheasta.
11. Go gairid ina dhiaidh sin chuaigh sé go dtí cathair a raibh Náín mar ainm uirthi, agus bhí a dheisceabail agus slua mór daoine ina chuideachta.
12. Nuair a bhí sé féin ag druidim le geata na cathrach, b'shiúd fear a bhí i ndiaidh bás a fháil á iompar amach, an t‑aon mhac amháin a bhí ag a mháthair, a bhí ina baintreach mhná; agus bhí slua mór de lucht na cathrach á comóradh.