Tiomna Nua

Lúcás 6:6-22 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

6. Tharla dó sabóid eile dul isteach sa tsionagóg agus bheith ag teagasc, agus bhí fear ansin a raibh leathlámh sheargtha air.

7. Agus bhí na scríobhaithe agus na Fairiséigh a choimeád go bhfeicfidís an ndéanfadh sé leigheas lá na sabóide, chun go mbeadh cúis acu lena cur ina leith.

8. Ach bhí a fhios aige féin cé hiad na smaointe a bhí ina n‑intinn, agus dúirt sé leis an bhfear a raibh an leathlámh sheargtha air, “Éirigh i do sheasamh agus seas amach i lár an tí.” Agus d'éirigh sé agus sheas sé.

9. Agus dúirt Íosa leo, “Is í an cheist a chuirim oraibh, cé acu den dá ní sin is ceadmhach lá na sabóide, maith a dhéanamh nó olc a dhéanamh, beo duine a tharrtháil nó bás duine a thabhairt?”

10. Agus d'amharc sé orthu uile as éadan, agus dúirt sé leis sin, “Sín amach do lámh.” Agus rinne seisean amhlaidh, agus leigheasadh a lámh.

11. Ach chuaigh siadsan ar buile, agus thosaigh siad ar dhíospóireacht le chéile faoi cad é a dhéanfaidís d'íosa.

12. Lá de na laethanta úd chuaigh sé amach faoi na sléibhte a dhéanamh urnaí, agus chaith sé an oíche ar fad ag guí Dé.

13. Ansin nuair a tháinig an lá, ghlaoigh sé a dheisceabail chuige, agus thogh sé dáréag amach astu, ar thug sé aspail orthu;

14. Síomón, ar thug sé Peadar air freisin, agus Aindrias a dheartháir, agus Séamas agus Eoin, agus Pilib, agus Parthalón,

15. agus Matha, agus Tomás, agus Séamas mac Alfaeus, agus Síomón an díograiseoir,

16. agus Iúdás mac Shéamais, agus Iúdás Iscariót, an té a d'éirigh amach ina fhealltóir.

17. Agus tháinig sé anuas leo gur sheas in áit réidh, é féin agus slua mór dá dheisceabail agus dream mór daoine as gach áit in Iúdaea agus in Iarúsailéim agus as cóstaí Thiora agus Shiodóin, a tháinig chun go n‑éistfidís leis agus go leigheasfaí óna mbreoiteachtaí iad;

18. agus leigheasadh na daoine a raibh spridí neamhghlana á mbuaireamh.

19. Agus bhí an slua ar fad ag iarraidh lámh a leagan air, mar thagadh cumhacht as a leigheasadh iad uile.

20. Agus d'ardaigh sé féin a shúile a amharc ar a dheisceabail, go ndúirt:“Is beannaithe sibhse, a bhochta, ós libhse ríocht Dé.

21. “Is beannaithe sibhse a bhfuil ocras oraibh anois, mar gheobhaidh sibh bhur sá.“Is beannaithe sibh atá ag caoineadh anois, mar beidh sibh ag gáire.

22. “Is beannaithe sibh nuair a bhíos fuath ag daoine oraibh, agus nuair a dhiúltaíos siad daoibh agus nuair a labhraíos siad olc fúibh, agus nuair a shéanas siad bhur n‑ainm go drochmheasúil mar mhaithe le Mac an duine!

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 6