Tiomna Nua

Lúcás 6:42-49 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

42. Cad é mar fhéadann tú a rá le do dheartháir, ‘A dheartháir, lig dom an dúradán a bhaint as do shúilse,’ nuair nach bhfeiceann tú go bhfuil sail i do shúil féin? A fhimínigh, ardaigh an chéad uair an tsail amach as do shúil féin, agus ansin beidh an t‑amharc glan agat leis an dúradán a bhaint as súil do dhearthár.

43. “Mar ní bhíonn dea-chrann ann a thugas drochthoradh, nó drochchrann ann a thugas dea-thoradh;

44. mar aithnítear crann ar a thoradh féin. Ní bhaintear figí ó sceacha, ná caora fíniúna ó dhriseoga.

45. Tugann an dea-dhuine an dea-rud amach ón dea-stór atá aige ina chroí istigh, agus tugann an drochdhuine an drochrud amach ón olc atá ann istigh; mar labhraíonn a bhéal ar an ní a líonas a chroí.

46. “Cad chuige a nglaonn sibh Tiarna díom agus a ndeir sibh ‘A Thiarna’ liom, nuair nach ndéanann sibh mar a deirim libh?

47. Ach inseoidh mé daoibh cad é a bhfuil sé cosúil leis, an té sin a éisteas le mo bhriathra agus a chuireas i ngníomh iad:

48. is cosúil é le fear a bhí ag tógáil tí, a thochail go domhain, agus a leag an chloch bhuin ar an gcarraig; agus nuair a d'éirigh an díle, tháinig an tuile thar an teach úd, ach níor fhéad sí corraí a bhaint as ó bhí sé tógtha go maith.

49. Ach an té sin a éisteas agus nach gcuireann i ngníomh é, is cosúil é le fear a thóg teach ar an talamh gan bhun gan dúshraith, agus ar tháinig an tuile díleann air, gur thit sé as a chéile ar an toirt, agus ba mhór é briseadh an tí úd.”

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 6