Tiomna Nua

Lúcás 6:33-46 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

33. Agus má dhéanann sibh maith don dream a dhéanas maith daoibh, cad é an t‑ábhar maíte atá agaibh ansin? Nach mbíonn na peacaigh ag déanamh an rud céanna?

34. Agus má thugann sibh iasachtaí don dream a bhfuil sibh ag súil le ní a fháil uathu, cad é an t‑ábhar maíte atá agaibh ann? Nach dtugann peacaigh iasachtaí do pheacaigh ionas go bhfaighidh siad a gceart.

35. Ach bíodh grá agaibhse do bhur naimhde, agus déanaigí an mhaith, agus tugaigí ar iasacht gan súil le haon ní a fháil ar ais; agus is mór an luach saothair a bheas agaibh, agus sibh in bhur gclann mhac ag an Té is Airde; an Té sin a bhíos go maith do lucht an mhíbhuíochais agus an oilc.

36. Bígíse trócaireach, mar atá bhur nAthairse trócaireach.

37. “Ná tugaigí breith, agus ní thabharfar breith oraibh; ná daoraigí aon duine, agus ní dhaorfar sibhse; tugaigí maithiúnas, agus maithfear daoibh;

38. tugaigí uaibh, agus tabharfar daoibh; roinn fhial fhlaithiúil, a dhingfear agus a chroithfear go gcuire sé thar bhruacha, a dhoirtfear isteach in bhur n‑ucht. Mar tomhaisfear chugaibh de réir an tomhais a thugann sibh uaibh.”

39. Agus d'aithris sé fáithscéal dóibh: “An féidir le dall eolas a dhéanamh do dhall? Nach dtitfidh siad araon isteach i bpoll?

40. Níl an foghlaimeoir os cionn a oide, ach an té a bhfuil an t‑iomlán foghlamtha aige bíonn sé ar aon dul lena oide.

41. Cad chuige ar léir duit an dúradán atá i súil do dhearthár, agus nach bhfuil aird agat ar an tsail atá i do shúil féin?

42. Cad é mar fhéadann tú a rá le do dheartháir, ‘A dheartháir, lig dom an dúradán a bhaint as do shúilse,’ nuair nach bhfeiceann tú go bhfuil sail i do shúil féin? A fhimínigh, ardaigh an chéad uair an tsail amach as do shúil féin, agus ansin beidh an t‑amharc glan agat leis an dúradán a bhaint as súil do dhearthár.

43. “Mar ní bhíonn dea-chrann ann a thugas drochthoradh, nó drochchrann ann a thugas dea-thoradh;

44. mar aithnítear crann ar a thoradh féin. Ní bhaintear figí ó sceacha, ná caora fíniúna ó dhriseoga.

45. Tugann an dea-dhuine an dea-rud amach ón dea-stór atá aige ina chroí istigh, agus tugann an drochdhuine an drochrud amach ón olc atá ann istigh; mar labhraíonn a bhéal ar an ní a líonas a chroí.

46. “Cad chuige a nglaonn sibh Tiarna díom agus a ndeir sibh ‘A Thiarna’ liom, nuair nach ndéanann sibh mar a deirim libh?

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 6