Tiomna Nua

Lúcás 6:23-31 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

23. Bíodh lúcháir oraibh sa lá úd, agus léimigí le háthas, mar féachaigí, is mór é bhur luach saothair ar neamh; mar is ar an nós ceannann céanna a dhéanadh a n‑aithreachasan géarleanúint ar na fáithe.

24. “Ach is mairg daoibh atá saibhir, mar tá bhur gcuid den sólás agaibh cheana féin.

25. “Is mairg daoibh atá sách anois, mar beidh an t‑ocras oraibh.“Is mairg daoibh atá ag gáire anois, mar beidh sibh ag déanamh bróin agus ag sileadh deor.

26. “Is mairg daoibh nuair nach mbíonn ach an dea-fhocal ag na daoine uile oraibh, mar is amhlaidh a bhíodh a n‑aithreacha siúd le fáithe bréige.

27. “Ach deirim é seo libh, an méid atá ag éisteacht liom, Tugaigí grá do bhur naimhde, déanaigí an mhaith do lucht bhur bhfuatha,

28. beannaígí an dream a chuireas a mallacht oraibh, déanaigí urnaí ar son an dreama a bhíos ag fonóid oraibh.

29. Nuair a thugann duine buille boise duit ar an leiceann, tabhair an leiceann eile dó freisin; agus ná ceil do léine ar an té a thógas d'fhallaing uait.

30. Tabhair uait don uile dhuine a iarras ort; agus ná hiarr ar an té a bheireas a bhfuil agat uait é a thabhairt ar ais.

31. Déanaigí leis na daoine go díreach mar ba mhaith libh iad a dhéanamh libh.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 6