Tiomna Nua

Lúcás 4:29-44 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

29. Agus d'éirigh siad ar an toirt á shá as an gcathair, agus thug leo é go bruach an chnoic ar ar tógadh a gcathair, lena chaitheamh síos i mullach a chinn.

30. Ach ní dhearna sé ach siúl tríothu agus uathu.

31. Agus chuaigh sé síos go Caparnáum, cathair de chathracha Ghalailí. Agus bhí sé á dteagasc ar an tsabóid;

32. agus chuir a theagasc iontas orthu, mar b'údarásach a bhriathar.

33. Agus bhí fear sa tsionagóg a raibh sprid deamhain neamhghlain ann; agus ghlaoigh sé in ard a chinn,

34. “Ochón! Cad chuige a bhfuil tú dúinn, a Íosa Nasara? An dár milleadh a tháinig tú? Nach feasach dom cé tú féin, Neach naofa Dé.”

35. Ach bhagair Íosa air, agus ar seisean, “Bí i do thost, agus tar amach!” Agus chaith an deamhan ar lár é i measc an tslua, agus tháinig sé amach as, gan dochar a dhéanamh dó.

36. Agus bhí iontas agus uafás orthu uile go léir, agus dúirt siad le chéile, “Cad é an sórt briathair é seo? Mar ordaíonn sé go húdarásach cumhachtach do na spridí neamhghlana, agus tagann siad amach.”

37. Agus chuaigh an t‑iomrá faoi amach i ngach uile áit sa cheantar thart timpeall.

38. Agus d'éirigh sé agus d'fhág sé an tsionagóg agus chuaigh sé isteach i dteach Shíomóin. Anois bhí máthair chéile Shíomóin breoite agus ualach trom fiabhrais uirthi, agus chuir siad iarratas air ina taobh.

39. Agus sheas sé os a cionn, agus bhagair sé ar an bhfiabhras, agus d'fhág sé í; agus d'éirigh sí ansin gan mhoill agus rinne freastal orthu.

40. Anois nuair a bhí an ghrian ag dul faoi, thug siad chuige a raibh breoite acu d'aicídí ilchineálacha; agus leag sé a lámha ar an uile dhuine acu agus leigheas sé iad.

41. Agus tháinig na deamhain amach as mórán acu, agus iad ag glaoch os ard, “Is tú Mac Dé!” Ach is amhlaidh a bhagair sé orthu agus níor lig dóibh labhairt, as siocair gur aithin siad gurbh é an Críost é.

42. Agus nuair a bhí sé ina neart lae d'imigh sé leis go ndeachaigh go háit fhásúil gan áitreabh. Agus chuaigh na daoine ar a lorg agus tháinig siad go dtí é, agus mian orthu gan ligean dó imeacht uathu;

43. ach is é a dúirt sé leo, “Caithfidh mé dea-scéala ríocht Dé a fhoilsiú do na cathracha eile freisin; mar is le sin a dhéanamh a cuireadh chugaibh mé.”

44. Agus bhí sé ag seanmóireacht i sionagóga Iúdaea.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 4