Tiomna Nua

Lúcás 4:24-37 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

24. Agus dúirt sé leo, “Is fíor an ní é a deirim libh, ní ghlactar le fáidh ar bith ina thír dhúchais féin.

25. Ach i bhfírinne deirim libh, gurbh iomaí sin baintreach a bhí in Iosrael i laethanta Elía, nuair a bhí na neamha dúnta i rith trí bliana agus sé mhí, agus a tháinig gorta mór ar fud na tíre;

26. ach ní chuig bean ar bith acu siúd a cuireadh Elía, ach chuig baintreach mná i Sarepad i dtír Shiodóin.

27. Agus b'iomaí sin lobhar a bhí in Iosrael in am an fháidh Elíseá; ach lobhar acu níor glanadh, ach Naaman an Síreach amháin.”

28. Ní luaithe a chuala siad sin, ná chuaigh a raibh sa tsionagóg ar an daoraidh.

29. Agus d'éirigh siad ar an toirt á shá as an gcathair, agus thug leo é go bruach an chnoic ar ar tógadh a gcathair, lena chaitheamh síos i mullach a chinn.

30. Ach ní dhearna sé ach siúl tríothu agus uathu.

31. Agus chuaigh sé síos go Caparnáum, cathair de chathracha Ghalailí. Agus bhí sé á dteagasc ar an tsabóid;

32. agus chuir a theagasc iontas orthu, mar b'údarásach a bhriathar.

33. Agus bhí fear sa tsionagóg a raibh sprid deamhain neamhghlain ann; agus ghlaoigh sé in ard a chinn,

34. “Ochón! Cad chuige a bhfuil tú dúinn, a Íosa Nasara? An dár milleadh a tháinig tú? Nach feasach dom cé tú féin, Neach naofa Dé.”

35. Ach bhagair Íosa air, agus ar seisean, “Bí i do thost, agus tar amach!” Agus chaith an deamhan ar lár é i measc an tslua, agus tháinig sé amach as, gan dochar a dhéanamh dó.

36. Agus bhí iontas agus uafás orthu uile go léir, agus dúirt siad le chéile, “Cad é an sórt briathair é seo? Mar ordaíonn sé go húdarásach cumhachtach do na spridí neamhghlana, agus tagann siad amach.”

37. Agus chuaigh an t‑iomrá faoi amach i ngach uile áit sa cheantar thart timpeall.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 4