14. Agus d'fhill Íosa go Galailí i gcumhachtaí an Spioraid, agus chuaigh a iomrá ar fud na dúiche a bhí i dtimpeall.
15. Agus theagascadh sé ina sionagóga, agus bhíodh an uile dhuine ag seinm a mholta.
16. Agus tháinig sé go Nasair, an áit ar tógadh é; agus chuaigh sé chun na sionagóige lá na sabóide mar ba nós leis. Agus d'éirigh sé ina sheasamh a léamh;
17. agus ba é leabhar an fháidh Ísáia a tugadh dó. D'oscail sé an leabhar go bhfuair sé an áit a raibh sé scríofa,
18. “Tá Spiorad an Tiarna orm,ós rud é gur ung sé mé le dea-scéal a fhoilsiú do na boicht.Gur chuir sé uaidh mé le fuascailt a fhógairt do na braighdeanaighagus athghabháil amhairc do na daill,lena bhfuil faoi ansmacht a scaoileadh,
19. le bliain iniarrtha an Tiarna a fhorfhógairt.”
20. Agus dhruid sé an leabhar, agus thug sé ar ais don fhreastalaí é, agus shuigh sé faoi; agus bhí a raibh sa tsionagóg ag díriú a súl air.
21. Agus thosaigh sé ar a rá leo, “Is inniu a comhlíonadh an Scrioptúr seo in bhur n‑éisteacht.”
22. Agus níl duine nach raibh an dea-fhocal aige faoi, agus nach ndearna iontas faoi na briathra grásúla a bhí ar a bhéal; agus dúirt siad, “Nach é mac Iósaif é seo?”
23. Agus ar seisean leo, “Níl amhras nach luafaidh sibh an seanfhocal seo liom, ‘Leigheas thú féin, a lia úd’; agus sibh á iarraidh orm, ‘Déan anseo i do thír féin an rud a chualamar a rinne tú i gCaparnáum.’”
24. Agus dúirt sé leo, “Is fíor an ní é a deirim libh, ní ghlactar le fáidh ar bith ina thír dhúchais féin.
25. Ach i bhfírinne deirim libh, gurbh iomaí sin baintreach a bhí in Iosrael i laethanta Elía, nuair a bhí na neamha dúnta i rith trí bliana agus sé mhí, agus a tháinig gorta mór ar fud na tíre;
26. ach ní chuig bean ar bith acu siúd a cuireadh Elía, ach chuig baintreach mná i Sarepad i dtír Shiodóin.