4. Bhí sin mar atá scríofa i leabhar bhriathra Ísáia fáidh,“Glór an té a scairteas san fhásach:Ullmhaígí slí an Tiarna,déanaigí a chosáin díreach.
5. Níl gleann nach líonfar,ná cnoc ná sliabh nach n‑ísleofar,ná cam nach ndíreofar,ná garbhshlí nach míneofar;
6. agus níl duine ann nach bhfeicfidh slánú Dé.”
7. Labhair sé mar sin an chaint seo leis na sluaite a chuaigh amach chuige go mbaisteadh sé iad, “A áil úd nathracha nimhe! Cé a thug de rabhadh daoibh teitheadh ón bhfearg atá le teacht?
8. Tugaigí na torthaí is dual don aithrí, agus ná tosaígí ar a rá eadraibh féin, ‘Is é Abracham is athair dúinn’; mar táim á insint daoibh, go bhféadann Dia clann mhac Abrachaim a dhéanamh de na leaca cloiche seo.
9. Agus cheana féin tá an tua á leagan ar fhréamhacha na gcrann; agus níl crann nach dtugann dea-thoradh uaidh, nach mbeidh á ghearradh anuas, agus á chaitheamh isteach sa tine.”
10. Agus d'fhiafraigh na sluaite de, “Má tá sin amhlaidh, cad é atá orainn a dhéanamh?”
11. Agus ba é a fhreagra orthu, “An té a mbíonn dhá chóta aige, roinneadh sé leis an té atá gan chóta; agus an té a mbíonn bia aige, déanadh sé mar an gcéanna.”
12. Agus tháinig bailitheoirí cánacha chuige dá mbaisteadh, agus dúirt siad leis, “A Oide ár múinte, cad é is cóir dúinn a dhéanamh?”
13. Agus is é a dúirt sé leo, “Ná bailígí thar a bhfuil leagtha amach daoibh.”