Tiomna Nua

Lúcás 24:6-24 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

6. Cuimhnígí ar a ndúirt sé libh agus é go fóill i nGalailí,

7. go gcaithfí Mac an duine a thabhairt i lámha peacach, agus bheith á chéasadh, agus éirí ar an tríú lá ó mhairbh.”

8. Agus chuimhnigh siad ar na briathra sin aige,

9. agus nuair a d'fhill siad ón tuama d'inis siad an méid sin uile don aon duine dhéag agus don chuid eile.

10. Anois ba iad Muire Mhagdaléanach agus Ióánna agus Muire máthair Shéamais agus na mná eile a bhí leo a d'inis sin do na haspail;

11. ach shíl siad nach raibh sna briathra úd ach caint gan éifeacht, agus níor chreid siad a scéal.

13. An lá céanna bhí beirt acu ar aistear go baile beag dá ngairtear Emmáus, atá tuairim ar sheacht míle amach as Iárúsailéim,

14. agus iad ag comhrá le chéile faoina raibh i ndiaidh titim amach.

15. Chomh fada agus a bhí siadsan ag comhrá agus ag cíoradh an scéil, tháinig Íosa é féin i ndeas dóibh agus chuaigh sé leo.

16. Ach bhí rud éigin ar a súile nár lig dóibh a aithint.

17. Agus ar seisean leo, “Cad é ábhar bhur gcainte sa siúl daoibh?” Agus sheas siad ansin, agus an brón ar a ndreach.

18. Ba ansin a thug duine acu, a raibh Cléópas mar ainm air, freagra air, “An tú amháin atá ar thuras in Iarúsailéim atá in ainbhios ar a bhfuil tar éis titim amach ann sna laethanta seo?”

19. Agus ar seisean, “Cad é sin?” Agus dúirt siad leis, “An méid a bhain le hÍosa Nasara, a bhí ina fháidh mór i mbriathar agus i ngníomh os comhair Dé agus os comhair na ndaoine uile,

20. agus an dóigh ar thug ár n‑ardsagairt agus ár rialtóirí uathu é á theilgean chun báis, agus an dóigh ar chéas siad é.

21. Ach ba é an dóchas a bhí againn, go mba é a bhí le hIosrael a fhuascailt. Agus mar bharr air sin uile, is é seo an tríú lá ó tharla sin uile.

22. Ach chuir cuid de na mná a bhí inár gcuideachta iontas orainn. Bhí siadsan ag an tuama ar mhoch maidine

23. agus ní bhfuair siad a chorp ann; ach tháinig siad agus dúirt siad go bhfaca siad aingil i bhfís, agus go ndúirt siadsan go raibh sé beo.

24. Chuaigh cuid den dream is againne go dtí an tuama, agus chonaic siad go raibh an tuama mar a bhí ráite ag na mná, ach ní bhfuair siad aon amharc air féin.”

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 24