Tiomna Nua

Lúcás 24:30-47 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

30. Nuair a shuigh sé ag aon bhord leo, ba é a ghlac an t‑arán agus a bheannaigh agus a bhris é gur thug dóibh é.

31. Osclaíodh ansin a súile gur aithin siad é; agus chuaigh sé ó radharc uathu.

32. Ar siadsan le chéile, “Nach raibh an croí ar lasadh inár gcléibh le linn a chomhrá ar an mbóthar, nuair a bhí sé ag míniú na scrioptúr dúinn?”

33. Agus d'éirígh siad ar an nóiméad gur fhill siad ar Iarúsailéim; gur tháinig ar an aon duine dhéag agus a raibh leo agus iad cruinnithe le chéile,

34. agus iad á rá, “Tá an Tiarna i ndiaidh éiríthe i ndáiríre agus é tar éis é féin a thaispeáint do Shíomón!”

35. D'inis siad ansin ar tharla dóibh ar an mbóthar agus conas a d'aithin siad é ar bhriseadh an aráin.

36. Ní raibh an focal as a mbéal go raibh Íosa é féin ina sheasamh ina measc.

37. Ach is é rud, bhí sceoin agus scanradh orthu, agus iad ag meas gur thaibhse a bhí acu.

38. Agus ar seisean leo, “Cad é ábhar bhur mbuartha agus cad chuige a bhfuil an t‑amhras ag fás in bhur gcroíthe?

39. Féachaigí ar na lámha agus ar na cosa seo, go bhfeice sibh gur mé féin atá ann; mothaígí le bhur méara mé, go bhfeice sibh go bhfuil feoil agus cnámha agam rud nach mbíonn ag taibhse.”

41. Agus nuair nár fhéad siad a chreidiúint go fóill trí mhéid a lúcháire agus a n‑iontais, ar seisean leo, “An bhfuil bia ar bith agaibh anseo?”

42. Agus thug siad giota d'iasc gríosctha dó,

43. agus ghlac sé agus d'ith sé é os a gcomhair.

44. Ar seisean leo ina dhiaidh sin, “Sin é an méid a dúirt mé libh nuair a bhí mé agaibh go fóill, go gcaithfeadh gach uile ní atá scríofa fúmsa i ndlí Mhaois agus ag na fáithe agus sna sailm a bheith á chomhlionadh.”

45. Ba ansin a d'oscail sé a n‑intinn le tuiscint a fháil ar na scrioptúir,

46. agus dúirt sé leo, “Is mar sin atá scríofa, go bhfulaingeodh an Críost a pháis agus go n‑éireodh sé an tríú lá ó mhairbh,

47. agus go mbeadh an aithrí agus maithiúnas na bpeacaí á bhfógairt ina ainmsean do na náisiúin uile, ag tosú ag Iarúsailéim.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 24