Tiomna Nua

Lúcás 24:16-29 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

16. Ach bhí rud éigin ar a súile nár lig dóibh a aithint.

17. Agus ar seisean leo, “Cad é ábhar bhur gcainte sa siúl daoibh?” Agus sheas siad ansin, agus an brón ar a ndreach.

18. Ba ansin a thug duine acu, a raibh Cléópas mar ainm air, freagra air, “An tú amháin atá ar thuras in Iarúsailéim atá in ainbhios ar a bhfuil tar éis titim amach ann sna laethanta seo?”

19. Agus ar seisean, “Cad é sin?” Agus dúirt siad leis, “An méid a bhain le hÍosa Nasara, a bhí ina fháidh mór i mbriathar agus i ngníomh os comhair Dé agus os comhair na ndaoine uile,

20. agus an dóigh ar thug ár n‑ardsagairt agus ár rialtóirí uathu é á theilgean chun báis, agus an dóigh ar chéas siad é.

21. Ach ba é an dóchas a bhí againn, go mba é a bhí le hIosrael a fhuascailt. Agus mar bharr air sin uile, is é seo an tríú lá ó tharla sin uile.

22. Ach chuir cuid de na mná a bhí inár gcuideachta iontas orainn. Bhí siadsan ag an tuama ar mhoch maidine

23. agus ní bhfuair siad a chorp ann; ach tháinig siad agus dúirt siad go bhfaca siad aingil i bhfís, agus go ndúirt siadsan go raibh sé beo.

24. Chuaigh cuid den dream is againne go dtí an tuama, agus chonaic siad go raibh an tuama mar a bhí ráite ag na mná, ach ní bhfuair siad aon amharc air féin.”

25. Agus ar seisean leo, “A dhaoine amaideacha, atá ró-mhallintinneach leis an rud sin a chreidiúint atá ráite ag na fáithe uile!

26. Nach raibh sé riachtanach go bhfulaingeodh an Críost na nithe seo agus go rachadh sé isteach ina ghlóir?”

27. Agus ag tosnú le Maois agus leis na fáithe uile, mhínigh sé dóibh an méid a bhí sna scrioptúir go léir ag baint leis féin.

28. Dhruid siad mar sin leis an mbaile beag a raibh a dtriall air. Chuir sé cuma air féin mar a rachadh sé níos faide,

29. ach ní ghlacfaidís diúltú uaidh, á rá, “Fan againn, mar tá tráthnóna beag ann agus tá an lá beagnach caite.” Mar sin chuaigh sé isteach le fanacht acu.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 24