Tiomna Nua

Lúcás 23:5-16 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

5. Ach dhearbhaigh siadsan gurbh amhlaidh, agus dúirt siad, “Bíonn sé ag gríosú na ndaoine agus é ag teagasc ar fud Iúdaea, as Galailí go dtí seo.

6. Nuair a chuala Píoláid sin, d'fhiafraigh sé ar Ghalailéach é an fear a bhí i gceist.

7. Agus nuair a chuala sé gur thit sé faoi bhreithiúnas Iorua, chuir sé síos chuig Iorua é, ó tharla dó bheith in Iarúsailéim san am úd.

8. Nuair a chonaic Iorua Íosa, bhí an-lúcháir air, mar b'fhada é ag tnúth le hamharc a fháil air, agus dóchas aige le comhartha éigin a fheiceáil á dhéanamh aige.

9. Chaith sé tamall maith mar sin á cheistiú; ach níor thug sé freagra ar bith air.

10. Sheas na hardsagairt agus na scríobhaithe aníos, á chúisiú go dian dásachtach.

11. Agus chuaigh Iorua agus a chuid saighdiúirí a chaitheamh drochmheasa air agus a mhagadh faoi; agus ansin chuir sé éadaí daite air gur sheol ar ais chuig Píoláid é.

12. Agus shníomh Iorua agus Píoláid cairdeas le chéile an lá céanna sin, mar roimhe sin bhíodh naimhdeas eatarthu.

13. Ba ansin a chruinnigh Píoláid na hardsagairt agus na rialtóirí agus na daoine le chéile,

14. agus is é a dúirt sé leo, “Thug sibh an fear seo os mo chomhair mar dhuine a bhíodh ag cur na ndaoine ar bhealach a n‑aimhleasa; agus féachaigí, táim tar éis an chúis a scrúdú os bhur gcomhair, agus ní fheictear dom go bhfuil an fear seo ciontach in aon rud dá gcuireann sibh ina leith;

15. ní fheictear sin domsa, ná do Iorua ach an oiread, mar chuir sé ar ais chugainne é. Nach bhfeiceann sibh mar sin nach bhfuil aon ní déanta aige a thuillfeadh bás;

16. mar sin de, smachtóidh mé é agus scaoilfidh mé saor é.”

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 23