Tiomna Nua

Lúcás 23:43-56 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

43. Agus arsa Íosa leis, “Deirim leat go fírinneach go mbeidh tú inniu i mo chuideachtasa i bParthas Dé.”

44. Bhí sé anois faoi thuairim an séú huair, agus bhí dorchadas os cionn na tíre ar fad go dtí an naoú huair,

45. agus solas na gréine á dhalladh; agus scoilteadh an brat a bhí sa teampall ina dhá leath.

46. Agus ansin d'éigh Íosa os ard, agus ar seisean, “A Athair, tiomnaim mo Spiorad i do lámhasa!” Agus nuair a bhí sin ráite aige, d'fhág an anáil é.

47. Anois nuair a chonaic an ceantúir cad é a tharla, thug sé moladh do Dhia, agus ar seisean, “Scéal cinnte é go raibh an fear seo neamhchoireach!”

48. Agus maidir leis na sluaite uile a bhí cruinnithe le hamharc ar a raibh le feiceáil, nuair a chonaic siad an ní a tharla, d'fhill siad abhaile agus iad ag bualadh bos ar a n‑uchta.

49. Agus sheas a lucht aitheantais uile amach uaidh agus an bhantracht a lean ó Ghalailí é agus chonaic siad na nithe sin uile.

50. Anois bhí fear ann a raibh Iósaf mar ainm air as baile Giúdach Arimatía, a bhí ina bhall den seanad, agus a bhí ina dhea-dhuine agus ina fhíréan,

51. agus nach raibh páirteach ina mbeart ná ina ngníomh, agus a raibh súil aige le ríocht Dé.

52. Chuaigh an fear seo go dtí Píoláid agus d'iarr sé corp Íosa air.

53. Ansin thug sé anuas é agus d'fhill taiséadach lín air, gur chuir é i dtuama a gearradh amach as an gcarraig, tuama nár cuireadh corp duine ann riamh roimhe sin.

54. Ba é lá an Ullmhaithe é, ach go raibh spéartha lá na sabóide ag gealú.

55. Bhí an bhantracht a lean é ó Ghalailí á leanúintsean, go bhfaca siad an tuama, agus an cóiriú a cuireadh faoin gcorp;

56. d'fhill siad abhaile ansin gur ullmhaigh siad spíosraí agus uinnimintí.Ach gur fhan siad ina suaimhneas i rith na sabóide de réir na haithne.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 23