Tiomna Nua

Lúcás 22:1-14 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Anois bhí féile an Aráin gan Laibhín, dá ngairtear an Cháisc, ag druidim leo.

2. Agus bhí na hardsagairt agus na scríobhaithe ag iarraidh caoi a fháil lena chur chun báis; mar bhí eagla orthu roimh na daoine.

3. Ba ansin a chuaigh Sátan isteach i nIúdás a raibh Iscariót mar shloinne air, a bhí ina dhuine den dáréag;

4. agus d'imigh sé go ndeachaigh i gcomhairle leis na hardsagairt agus leis na ceannfoirt faoi conas a chuirfeadh sé ina lámha é.

5. Agus bhí áthas orthu, agus gheall siad go dtabharfaidís airgead dó.

6. D'aontaigh sé leo mar sin, agus bhí sé ag breith ar fhaill lena chur ina lámha nuair nach mbíodh slua daoine i láthair.

7. Ba ansin a tháinig lá an Aráin gan Laibhín, an lá ar chóir uan na cásca a mharú mar íobairt.

8. Mar sin, chuir Íosa Peadar agus Eoin uaidh, agus dúirt sé leo, “Imígí a ullmhú na cásca dúinn go n‑ithimid í.”

9. D'fhreagair siadsan dó, “Cá háit is toil leat sinne a hullmhú?”

10. Is é a dúirt sé leo, “Féachaigí, nuair a bheidh sibh i ndiaidh dul isteach sa chathair, casfar fear oraibh agus é ag iompar soithigh d'uisce; leanaigí é isteach sa teach a dtéann sé isteach ann

11. agus abraigí le fear an tí, ‘Is é a deir an tOide leat, cá bhfuil an seomra aíochta, a n‑íosfaidh mé an cháisc ann i gcuideachta mo dheisceabal?’

12. Agus taispeánfaidh sé daoibh an seomra mór in uachtar an tí agus é feistithe gléasta; ullmhaígí ansin.”

13. Agus d'imigh siad agus tharla mar d'inis sé dóibh, agus d'ullmhaigh siad an cháisc.

14. Agus nuair a tháinig an t‑am, shuigh sé chun boird é féin agus na haspail.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 22