Tiomna Nua

Lúcás 21:23-31 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

23. Is mairg a bheas ag iompar leanaí agus ag tabhairt cíche sna laethanta úd! Mar beidh angar mór ar an domhan, agus beidh Dia i bhfearg leis an gcine seo;

24. titfidh siad le béal an chlaímh, agus déanfar braighdeanaigh díobh i measc na náisiún uile; agus cuirfear Iarúsailéim faoi chosa na nGintlithe go dtí go mbeidh ré na nGintlithe caite.

25. “Agus beidh comharthaí sa ghrian agus sa ghealach agus sna réaltaí, agus corraí ar chiníocha an domhain, mearbhall cinn orthu ó fhothram na farraige agus ó thuargaint na dtonnta,

26. agus beidh daoine ag titim i laige le heagla nuair a bheas leid acu ar a bhfuil ag bagairt ar an saol; mar bainfear croitheadh as cumhachtaí neimhe.

27. Is ansin a fheicfear Mac an duine ag teacht i néalta neimhe faoi chumhacht agus faoi iomad glóire.

28. Nuair a thosaíonn seo uile ar theacht i gcrích, amharcaigí in airde agus bígí ag tógáil bhur gcinn, mar tá bhur slánú ag teacht in bhur gcomhair.”

29. Agus d'inis sé fáithscéal dóibh: “Amharcaigí ar an gcrann fige agus ar chrainn uile na coille;

30. ní luaithe a thagann duilliúr fúthu ná feiceann sibh é agus aithníonn sibh uaibh féin go bhfuil an samhradh i bhfogas cheana féin.

31. Ar an nós ceannann céanna, nuair a fheicfidh sibh sin uile ag titim amach, aithneoidh sibh go bhfuil ríocht Dé i bhfogas.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 21