Tiomna Nua

Lúcás 2:4-17 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

4. Agus chuaigh Iósaf suas mar dhuine ó Ghalailí, ó chathair Nasair, go hIúdaea, go cathair Dháibhí dá ngairtear Bétlehem, ós rud é go mba de theaghlach Dháibhí é féin de réir folaíochta,

5. chun go gclárófaí é féin agus Muire an bhean a raibh lámh agus focal idir é agus í, agus í ag iompar clainne.

6. Agus nuair a bhí siad ansin, tháinig a haimsir.

7. Agus rugadh a céad duine clainne di agus d'fháisc sí i gcrios ceangail é, agus chuir sí ina luí i mainséar é, ó nach raibh áit acu dóibh san ósta.

8. Agus bhí aoirí amuigh i bpáirceanna sa cheantar úd, agus iad ag faire ar a dtréad san oíche.

9. Agus nocht aingeal an Tiarna dóibh, agus lonraigh glóir an Tiarna ina dtimpeall, agus bhí dianeagla orthu.

10. Agus dúirt an t‑aingeal leo, “Ná bíodh eagla oraibh; mar féachaigí, táim ag teacht chugaibh le scéal áthasach a insint daoibh faoin lúcháir atá le bheith ar na daoine uile;

11. óir is inniu a saolaíodh an Slánaitheoir daoibh i gcathair Dháibhí, agus is é an Tiarna Críost é.

12. Agus is é seo an comhartha daoibh, go bhfaighidh sibh leanbh á fháscadh i gcrios ceangail agus é ina luí i mainséar.”

13. Agus i dtobainne b'shiúd slua de shluaite na bhflaitheas i gcoimhdeacht an aingil agus iad ag moladh Dé agus ag rá,

14. “Glóir do Dhia in ard na bhflaitheas, agus síocháin ar talamh i measc na ndaoine a bhfuil aoibh aige iontu!”

15. Ní luaithe a d'imigh na haingil uathu isteach san fhlaitheas ná dúirt na haoirí le chéile, “Téimis soir go Bétlehem go bhfeicimid an ní seo a tharla, a d'fhoilsigh an Tiarna dúinn.”

16. Agus chuadar ann le deifir, go bhfuair siad Muire ann agus Iósaf, agus an leanbh ina luí sa mhainséar.

17. Agus nuair a chonaic siad é d'inis siad ar foilsíodh dóibh i dtaobh an linbh sin;

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 2