40. Ach ba é a fhreagra, “Táim á insint daoibh, dá mba rud é go bhfanfaidís-sean ina dtost, go mbeadh clocha an bhóthair féin ag caint agus ag glaoch os ard.”
41. Agus nuair a tháinig sé i ngaobhar na cathrach agus a chonaic sé í, shil sé uisce a chinn á caoineadh,
42. go ndúirt, “Nach é an trua é nach feasach duit inniu féin na nithe a chothaíos an tsíocháin! Ach tá siad ceilte ort anois.
43. Mar tá na laethanta sin ag teacht ort nuair a thógfaidh do naimhde móta i do thimpeall agus a chuirfidh léagar agus imshuí ort ar gach taobh,
44. agus a leagfaidh siad go lár thú, tú féin agus do chlann ionat istigh, agus ní fhágfaidh siad cloch ar mhuin chloiche ionat; de bhrí nár aithin tú in am cé a bhí agat.”
45. Agus chuaigh sé isteach sa teampall go ndeachaigh ag cur na tóra ar a raibh ag díol ann,
46. agus é á rá leo, “Tá sé scríofa go mbeidh mo theachsa ina theach urnaí; ach tá uaimh ladrann déanta agaibh de.”
47. Agus bhíodh sé gach lá ag teagasc sa teampall. Bhí na hardsagairt agus na scríobhaithe agus ceannairí an phobail ag iarraidh é a chur den saol;
48. agus gan teacht ar aon ní a fhéadfaidís a dhéanamh, mar bhíodh na daoine go léir ag slogadh gach focail dá dtagadh uaidh.